An dtugann tú aird ar nuachtáin na Gaeilge?

D’fhoilsigh Foras na Gaeilge Suirbhé Pobail ar Sheirbhísí Nuachta Gaeilge ar 22 Márta.

Taobh istigh de scór ceist fiosríonn sé an úsáid a bhaintear, agus a baineadh, as nuachtáin na tíre ag díriú ar Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal ach go háirithe.

Beidh an suirbhé ar fáil go dtí 16 Aibreán agus beidh rannpháirtithe in ann é a chomhlánú ar líne ag www.gaeilge.ie/suirbhe nó cóipeanna crua a sheoladh chuig SUIRBHÉ, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

Thug Meon Eile cuairt ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara chun labhairt leis na mic léinn ann agus lena dtuairimí a fháil ar an gceist:

An dtugann tú aird ar nuachtáin na Gaeilge?

Close
Close