An bhfuil uacht agat?

Is ceist í nach mór dúinn a mheas ag pointe éigin sa saol. Ar an chéad dul síos, cad is uacht ann?

Tá a fhios ag an chuid is mó de dhaoine gur chóir go mbeadh uacht againn, ach tá neart ann nach dtuigeann cad é mar a théann tú ina bhun. Uaireanta tugtar ‘Uacht agus Tiomna Deiridh’, nó ‘Last Will and Testament’, ar an doiciméad seo a léiríonn do mhianta deiridh. Léann aturnae é tar éis do bháis agus déanann cinnte de go gcomhlíonfar na treoracha agus na mianta istigh ann.

Chomh maith leis sin, i dTuaisceart na hÉireann, má fhaigheann duine bás gan uacht, deirtear go bhfuair siad bás 'gan tiomna'. Má tharlaíonn sé seo, leagtar amach sa dlí an dóigh chuí chun plé leis seo agus le cibé maoin, giuriléidí pearsanta ná airgead atá fágtha ina ndiaidh.

Dá bhrí sin, in amanna bíonn cinntí casta le déanamh ag baill teaghlaigh.

Is glúin iad an dream óg nach smaoiníonn ar a leithéid de ghnáth ach chuaigh Meon Eile chun cainte le cúpla duine óg chun a gcuid smaointe faoin uacht a fháil.

Close
Close