An bhfuil toitíní leictreonacha níos fearr ná gnáth-thoitíní?

Tá borradh mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag caitheamh toitíní leictreonacha na laethanta seo.

Ar mhaithe le staonadh ó chaitheamh tobac a bhíonn cuid mhaith acu á gcaitheamh agus dochtúirí á gcur chun cinn mar rogha níos sláintiúla.

Spreag toitíní leictreonacha 18,000 duine i Sasana éirí as tobac a chaitheamh sa bhliain 2015. 

Tá easpa eolais fúthu áfach. Le cúpla bliain anuas tá idir rudaí dearfacha agus diúltacha faoi thoitíní leictreonacha sna meáin. Ní fios go díreach cé chomh holc agus atá siad don duine agus deir na saineolaithe nach mbeidh a fhios againn go díreach go cionn tamaill eile.

Mar sin, an bhfuil toitíní leictreonacha níos fearr ná gnáth-thoitíní?

Labhair Meon Eile le beirt faoin ábhar. Cathal Hanna atá ina dhochtúir agus Méabh Ní Dhuíne a chaitheann toitíní leictreonacha í féin.

Close
Close