An bhfuil sé deacair an Ghaeilge a athfhoghlaim?

Tá glúin órga d’fhoghlaimeoirí ag freastal ar ranganna Gaeilge i láthair na huaire, cuid mhór acu i ngleic leis an teanga arís i ndiaidh na mblianta.

De réir taighde baineann foghlaimeoirí aibí tairbhe ar leith as a bheith i mbun staidéir, cuidíonn sé leis an inchinn a choinneáil beo beathaíoch agus cuidíonn comhluadar agus an t-eispéireas sóisialta le daoine a bheith ag aireachtáil níos óige.

Is modh éifeachtach é an staidéar a chuidíonn le daoine dul i ngleic le réimse leathan d’fhadhbanna ar nós uaignis, lionn dubh agus braistintí scoiteachta (feelings of isolation).

Is ríléir go bhfuil na foghlaimeoirí sa mhír seo ag baint súp agus sult mór as na ranganna atá ar siúl achan Chéadaoin idir 10rn-12in i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, á dteagasc ag Phil Stiobhard.

Labhair Meon Eile le cuid acu faoina n-aistear teanga…

An bhfuil sé deacair dul i ngleic leis an Ghaeilge arís?
Close
Close