An bhfuil ról traidisiúnta an athar imithe sa tsochaí?

An deireadh seachtaine seo beidh muid ag ceiliúradh lá na nAithreacha, ach an bhfuil ról traidisúnta an athar imithe sa tsochaí?

Tá rudaí athraithe go mór sa saol seo le deich mbliana anuas agus tá coincheap an teaghlaigh thraidisiúnta athraithe leis. Is rud coitianta sa lá atá inniu ann go mbíonn mná amuigh ag obair agus na fír sa bhaile agus iad ag amharc i ndiadh na bpáistí.

An deireadh seachtaine seo beidh daoine éagsúla ag ceiliúradh le haithreacha nach bhfuil conaí acu leo, beidh cuid acu ag ceiliúradh agus dhá athair acu, agus beidh cuid ann nach dtabharfaidh aird ar bith ar an lá seo mar níl athair mar pháirt lárnach dá saol.

Chuaigh Meon Eile ag labhairt le muintir Iarthar Bhéal Feirste le fáil amach ar shíl siad sin an raibh ról an athar imithe sa tsochaí.

Close
Close