An bhfuil micrishlis ar do mhadadh?

An bhfuil micrishlis ar do mhadadh? Dar le Dogs Trust go bhfuil níos mó madaí ar strae i dtuaisceart na hÉireann ná aon chuid eile den Ríocht Aontaithe. I mí Aibreáin na bliana seo chuir an Feidhmeannas dlí nua i bhfeidhm chun laghdú a chur ar líon na madaí ar strae, agus da bhrí sin laghdú ar líon na madaí a scriostar gach bliain. De réir an dlí anois i dtuaisceart na hÉireann caithfidh micrishlis a bheith ag do mhadadh.

An bhfuil micrishlis ag do Mhadra? / Sarah de Búrca

Is é atá i gceist le micrishlis ná slis an-bheag a théann faoi chraiceann an mhadra. Má imíonn an madra ar strae is féidir é nó í a thraiceáil trí scanóir a chur thar an micrishlis. Beidh do chuid sonraí teagmhála ceangailte leis an micrishlis a bhaineann le do mhadadh.

Bí cinnte go bhfuil micrishlis ag do mhadadh, beidh tú ag cuidiú le líon na madaí ar strae a laghdú.

Close
Close