An bhfuil brú ort dul thar lear chun slí bheatha a bhaint amach?

Inné ar Meon Eile bhí alt againn ó Pheadar Boyle, Éireannach atá ag obair mar mhúinteoir san Astráil le tamall de bhlianta anuas. Cosúil leis na mílte Éireannach atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, tá fonn ar Pheadar teacht ar ais lá amháin agus socrú síos ina thír dhúchais.

Ar an drochuair ní raibh an darna rogha ag go leor dár ndiaspóra ach an tír a fhágáil chun post a chuartú. Is fadhb le stair fada í an imirce don tír seo agus fadhb atá ag éirí níos measa arís sa lá atá inniu ann mar a luaigh muid ar Meon Eile cheana féin.

Ach cad a cheapann aos óg na tíre seo?

An bhfuil siad dóchasach faoina dtodhchaí in Éirinn nó an gceapann siad go bhfuil orthu an t-eitleán a fháil le caighdeán ard maireachtála a bheith acu?

An mothaíonn siad faoi bhrú dul thar lear chun slí bheatha a bhaint amach?

Close
Close