An bhfuil aclaíocht tábhachtach duit?

Beidh Maratón Chathair Bhéal Feirste na bliana seo ar súil ar an Luan seo chugainn – Lá Saoire Bainc na Bealtaine – ar son Cancer Focus Northern Ireland.

Cuirfear tús leis an phríomhrás ag Halla na Cathrach ag 9rn le gach iomaitheoir ag déanamh a mbealaigh chuig an ionad leadóige ar Shráid Westland chun greim a fháil ar an bpríomhdhuais de £3,000.

Fiú muna bhfaigheann tú an chéad chúpla áit tá duais ann don chéad 14 duine ar an lá.

Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Lúthchleasaíocht Thuaisceart Éireann an chéad mharatón sa mbliain 1982 chun béim a chur ar aclaíocht.

Tá tóir mhór ar an maratón anois – an bhliain seo caite rith 19,566 duine idir na rásaí uile le 3,652 duine ag rith sa phríomhrás.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Meas tú an gcuireann an mórphobal an oiread sin airde agus suime i rásaí dúshlánacha mar seo?

Chuaigh Meon Eile chuig Coláiste Cholmcille in Indreabhán i gConamara chun fáil amach,

‘An bhfuil aclaíocht tábhachtach duit?’

Close
Close