Torthaí an aireachais a chleachtadh

Katie McGreal

Cabhraíonn an t-aireachas linn aithne níos fearr a chur orainn féin. Caitheann muid am linn féin, lenár smaointe agus lenár mothucháin. Foghlaimíonn muid conas a aithint inár gcolainn na mothúcháin atá againn nuair atá rudaí go maith agus na mothúcháin atá againn nuair nach bhfuil siad chomh maith sin.

Fágann an t-eolas seo gur féidir leat cinneadh ar mhaithe leat féin a dhéanamh le go mbeidh tú ag mothú níos fearr. Uaireanta, caithfidh muid cinntí a dhéanamh atá go maith dúinne ach nach maith le daoine eile iad.

B’fhéidir go dtuigeann muid anois nach raibh rudaí áirithe nó iompar áirithe go maith dúinn agus anois níl muid chun glacadh leis a thuilleadh. Cuirfidh seo isteach ar dhaoine a bhí ag baint buntaiste as an iompar nó as an staid áirithe ina raibh muid.

Cé gur rud iontach é seo, ag aithint drochiompar nó rudaí nach bhfuil go maith dúinn agus ag fáil réidh leo ionas go mbeidh saol níos suaimhní síochánta againn, níl sé éasca.

Ní bhíonn sé éasca a rá le daoine nuair nach maith leat rud éigin atá siad a dhéanamh. Níl sé éasca admháil leat féin nach maith leat post nó jab a thuilleadh agus tá ort rudaí a athrú.

Nuair a chloiseann daoine gur múinteoir aireachais mé síleann siad go gciallaíonn sin go bhfuil mé suaimhneach réchúiseach an t-am ar fad - shíl mé féin gur sin an íomhá ba cheart dom a chur in iúl freisin - ach is le linn an tsamhraidh a thuig mé an méid thuas mar is ceart.  

Tá cleachtadh aireachais agam le hos cionn 10 mbliana agus san am sin tá mé i ndiaidh an-chuid a fhoghlaim fúm féin. Díreach le bliain anuas, d’fhoghlaim mé go raibh go leor leor daoine i mo shaol a bhí de m’úsáid. Bhí siad mór liom mar bhí siad ag iarraidh rud éigin nó bhí siad sásta leanúint leis an gcaidreamh fad is go ndearna mé rudaí áirithe dóibh agus ní dhearna siad aon rud domsa.

Bhí mé chomh cleachta leis an iompar seo nár thuig mé cé chomh gránna is a bhí sé. An samhradh seo caite chuir mé in iúl do dhuine amháin nach raibh mé sásta agus fuair mé teachtaireacht ghránna ar ais uathu. Ina dhiaidh sin, de réir a chéile thosaigh mé ag tuiscint nach seo an t-aon duine a bhí ag caitheamh liom mar sin. Bhí léir mór acu agus de réir a chéile fuair mé réidh leo i mo shaol.

Fiú anois, os cionn bliana ar aghaidh, tá mé ag foghlaim faoi dhaoine agus tá mé ag cur in iúl do dhaoine nach bhfuil mé le cur suas le hiompar áirithe.  

Níor chuir mé an ceangal idir aireachas agus teorannacha a leagan síos ar mhaithe leat féin le chéile go dtí an samhradh seo ach tuigim go maith anois é.

Toisc go bhfuil a fhios agam anois céard a mhothaíonn go maith dom tá sé an-soiléir dom nuair nach bhfuil rudaí go maith. Tá mé cinnte nach gceapann na daoine atá anois imithe ó mo shaol go raibh mé suaimhneach síochánta agus mé ag dul i ngleic leo. Ach anois agus staid nua i mo shaol, tá mé suaimhneach síochánta agus mothaím 100% sábháilte, mothú nach raibh agam i mo shaol go dtí seo.

Le do spás sábháilte a chinntiú duit féin, caithfidh tú a bheith sásta fáil réidh le gach rud agus gach duine nach bhfuil sábháilte, fiú má tá sé deacair.

Táimid anseo le saol grámhar a bheith againn féin agus caithfimid gach uile rud a dhéanamh leis sin a chinntiú dúinn féin, fiú muna bhfuil daoine eile sásta linn agus lénár n-iompar nua dá réir.

Close
Close