Tá ceithre theanga á labhairt agam ach ní chiallaíonn sé sin go dteastaíonn uaim labhairt le daoine

le Katie Roskams / @RoscCatha ar Twitter

Tá rud éigin paradacsúil ann maidir le do shaol a chaitheamh ag foghlaim bealaí nua chun cumarsáid a dhéanamh le daoine, mura bhfuil cumarsáid le daoine sa dúchas agat i gcónaí. B'fhéidir gur ‘néara-éagsúlacht’ atá i gceist nó b’fhéidir gur indíritheacht atá ann. B'fhéidir gur rugadh mar seo í. Ag Dia amháin atá a fhios, níl aon seans go mbeidh sí i dteagmháil linn.

Tá cuimhní agam ar a bheith sa rang Gaeilge sa Ghaeltacht, fonn orm mo thuras leis an teanga a thosú cosúil le gach duine eile ansin. Ach amháin gur thosaigh na daoine seo, mo chomhthosaitheoirí, ag cumadh filíochta trí Ghaeilge ar an gcéad lá. Níorbh fhéidir liom a rá arbh fhilíocht mhaith í ach bhí an chuma orthu go raibh siad cinnte faoi gach rud. Ag am lóin, shiúlfaidís isteach sa siopa áitiúil, lán muiníne, agus d’iarrfaidís “Ceapairí, le do thoil!

Idir an dá linn, dá gcuirfeadh an múinteoir ceist orm sa rang, bheinn ar imeall taom scaoill. Cuir i gcás go gceapfadh daoine go raibh mé amaideach, toisc nach bhfuil mé maith go leor go fóill ag déanamh an ruda seo nach bhfuil mé ach díreach tosaithe leis. Ní déarfaidh mé focal amháin i nGaeilge go dtí go mbeidh a fhios agam go cinnte go bhfuil sé 100% i gceart agus nach ndéanfaidh aon duine magadh fúm.

Go loighciúil, bhí a fhios agam go n-éireodh níos fearr liom san fhoghlaim teanga le cur chuige níos muiníní, ach is í seo mo phearsantacht. Faraor, cosúil le gach duine beo, tá orm a bheith ag oibriú laistigh de theorainneacha áirithe.

Nuair a bhí mé i mo chónaí sa Ghearmáin agus ag feidhmiú trí Ghearmáinis, bhí orm an chaoi a bheith níos dírí a fhoghlaim agus éirí cleachtaithe le cultúir éagsúla agus a dtraidisiúin. Fiú ansin, b'iarracht ollmhór í agus bhí mé fós go hiomlán doiléir agus neamhchinnte de réir chaighdeán na Gearmáinise.

I gcroílár na foghlama teanga, tá an fonn a bheith bainteach le rud éigin, an mhian le bheith mar chuid de rud éigin níos tábhachtaí ná tú féin. Más duine indírithe thú, tá tú cleachta le bheith ag mothú eisiata. Agus más duine indírithe thú atá ag foghlaim teanga eile, tá na fadhbanna seo go léir agat chomh maith leis an bhuairt agus an fhulaingt atá curtha i bhfeidhm ag an tuiseal ginideach.

Céim mhór a ghlac mé chun sonas a fháil mar dhuine indírithe ná ag glacadh leis gur mar seo atá mé agus go bhfuil sé ceart go leor. Ní bhíonn daoine ag rá le daoine eisdíritheacha go bhfuil siad bearránach. Is dócha mar is annamh a stopann daoine eisdíritheacha ag caint ar feadh fada go leor chun aon rud a insint dóibh. Ach de ghnáth cuirtear in iúl dúinne, na daoine indírithe, go bhfuil orainn athrú, cloí leis, an chúthaileacht a chur asainn. Seans dá laghad. Is cuid dínn í an chúthaileacht.

Ós rud é go maireann muid i ndomhan a d’fhéadfadh a bheith níos fabhraí i leith na ndaoine eisdíritheacha cuid is mó den am, cuirtear go leor den chomhairle d’fhoghlaimeoirí teanga in oiriúint do dhaoine eisdíritheacha dá réir. Agus cé nach gcreidim go gcaithfidh muid an dóigh ina bhfuil muid a athrú, is dóigh liom gur féidir linn dul in oiriúint.

Ceann de na rudaí is fearr a rinne mé agus mé ag foghlaim na Gaeilge ná chinntigh mé nach raibh mé ag mothú faoi bhrú nuair a d’iarr duine rud éigin orm i nGaeilge. Rinne mé iarracht mo thumadh go hiomlán sa Ghaeilge, ag obair ar fheirm sa Ghaeltacht ar feadh tamaill (ceann de na rudaí is fearr a rinne mé riamh, agus bíonn mo chuid cairde ag magadh fúm go fóill toisc nach féidir liom dul níos mó ná uair an chloig gan tagairt a dhéanamh dó blianta ina dhiaidh sin). Is lú i bhfad a bhí mé buartha faoin ngramadach a chur i gceart go foirfe ansin, mar bhí mé gafa le rudaí eile. Maith go leor, chaith mé urú uaim, ach tá mé ag iarraidh buicéad a iompar agus tá sé sin níos tábhachtaí domsa faoi láthair ná urú ar bith.

Rachainn isteach sa siopa áitiúil roinnt tráthnónta gan mhuinín cosúil leis na daoine a bhí i mo rang liom. D’fhanfainn siar ar feadh i bhfad, agus nuair a fuair mé m'uchtach dul go dtí an cuntar, chuirfinn ceist i gcogar agus i nGaeilge an bhfuil bosca lasán le díol acu. Agus ní dhearna na siopadóirí magadh fúm, bhí siad cineálta agus chabhraigh siad liom. An chéad uair eile nuair a tháinig mé isteach, d'fhiafraigh mé díobh, i nguth a bhí beagnach ard go leor, an raibh bainne acu. An chéad uair ina dhiaidh sin, níor ghá dom an comhrá a thosú – chuimhnigh siad orm, agus bheannaigh siad as Gaeilge dom. Bhí a fhios acu go raibh mé in ann earraí a aimsiú sa siopa measartha beag seo gan cúnamh uathu. Thuig siad go raibh aidhm fholaigh agam agus nach raibh bosca lasán nó bainne á lorg agam, ach muinín i mo chuid Gaeilge. Rud nach raibh á dhíol acu, ach rud a thug siad saor in aisce dom.

Is féidir i gcónaí rath a bheith ort mar dhunie indírithe agus saoithín teangacha. B'fhéidir nach bhfuil ann ach na modhanna a roghnaíonn tú a oiriúnú. Ná gabh leithscéal nuair a dhéanann tú botún. Ná bí ag iarraidh deimhniú ó dhaoine eile. Ná bí buartha faoi cé atá ag scríobh filíochta - tabhair aire do do ghnó féin, bí cineálta leat féin agus bí foighneach leat féin. Beidh na torthaí le feiceáil.

Eolas faoin údar

Tá Katie mar chuid de ghrúpa feimineach darb ainm @Leathbhádóirí, a bhfuil sé mar aidhm acu cúis na Gaeilge a chur chun cinn mar theanga mhionlaigh ag úsáid phrionsabail thrasnaithe na dlúthpháirtíochta agus an chomhionannais mar phointí tosaigh. Ina cuid am saor téann sí isteach san fharraige den chuid is mó.

Close
Close