“Úsáidimis an Chairt Eorpach chun Acht Gaeilge a bhaint amach”

Concubhar Ó Liatháin  

An bhfuil fuascailt ar an leamhsháinn ina bhfuilimíd anois ó thit an tóin as na cainteanna idirpháirtí chun cosa a chur faoi roinnt na cumhachta arís anseo ó thuaidh?

An féidir slí chun tosaigh a rianú i dtreo Acht Gaeilge a bhaint amach?

Má chreideann tú an méid atá á rá ag tráchtairí éagsúla, shamhlófá nach raibh mar go bhfuil an nimh san fheoil ag an dá mhórpháirtí dá chéile agus is ionann an reachtaíocht ar son na teanga agus siombail ar an líne dhearg nach ngéillfear ar cheachtar den dá thaobh.

Ach bhí an próiseas in áiteanna dorcha agus aimsíodh an solas ag deireadh an dorchla a threoraigh sinn amach as géarchéim eile i dtreo... leamhsháinn eile ach é níos faide anonn.

Sa chás seo creidim go raibh an solas os ár gcomhair an t-am ar fad.

B’shin an Chairt Eorpach do Theangacha Reigiúnacha agus Mionlaigh atá dearbhaithe ag Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge faoi Chuid 3 den Chairt, a gheallann réimse leathan cearta.

Tá Albainis Uladh dearbhaithe faoi Chuid 2, a thugann aitheantas níos cúinge.

Tá an Chairt seo sínithe ó 2001 agus, maidir leis an nGaeilge, roghnaigh An Ríocht Aontaithe forálacha a bhí lag agus, i gcásanna áirithe, a bhí á gcomhlíonadh acu cheana féin.

Chuimsigh na forálacha sin cearta agus cosaintí bunúsacha i réimsí an oideachais, na gcúirteanna, na n-údarás áitiúil is earnálacha éagsúla sa saol poiblí ar nós oideachais, sláinte is eile.

Sa réimse bhunoideachais, mar shampla, foráladh go mbeadh múineadh trí mheán na Gaeilge mar chuid den churaclam ar fáil do pháistí ar mhian lena dtuismitheoirí go mbeadh a leithéid d’oideachas ar fáil.

Bhí roghanna éagsúla ann, ach ba é sin an rogha a thogh Rialtas na Breataine.

De réir na tuairisce is déanaí a chuir Rialtas na Breataine ar fáil i leith na Gaeilge agus a ndearna Coiste na Saineolaithe breith ina leith, in 2013, ní raibh a dhóthain á déanamh ag na húdaráis chun riar a dhéanamh ar an éileamh ar son Gaeloideachais, mar shampla.

Is cuimhin liom nuair a tugadh isteach an Chairt in 2001 agus, ag tabhairt faoi ndeara na bhforálacha dom, ní rabhas ró-thógtha leo mar nach rabhadar láidir a dhóthain dar liom.

Ag an am céanna, b'íosphointe iad.

Bhíomar den tuairim go bhféadfaí iad a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh.

Fuarthas amach nuair a tugadh cás cúirte a raibh an Chairt lárnach ann nach raibh sa Chairt ach ‘cód iompair’ seachas rud éigin a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm.  

Níl ach foráil amháin atá comhlíonta ina iomláine de réir na saineolaithe - is é sin an riar atá déanta go mbeadh cláracha raidió is teilifíse rialta ann i nGaeilge.

Fiú leis sin tá moladh déanta go ndéanfaí ciste a bhunú a chuirfeadh maoiniú leanúnach ar bhonn inmharthanach ar fáil don earnáil teilifíse is raidió.

Ceann des na forálacha ar glacadh leis in 2001 de bharr go raibh Lá ann an uair úd, go dtacófaí le nuachtán Gaeilge amháin, tá sin anois gan chomhlíonadh de bhrí go bhfuil Lá imithe ó 2008.

Ar ndóigh, an deacracht a bhí ann nach raibh an toil pholaitiúil ann chun an Chairt a chur i bhfeidhm.

Níor theastaigh ón DUP aon rud a dhéanamh a thacódh leis an Ghaeilge, fiú dá gciallódh sin go raibh Tuaisceart Éireann céim ar chéim leis an mBreatain Bheag is Albain i bhfeidhmiú na Cairte.

Dhá rud faoin Chairt, áfach, ná go bhfuil tagairt shonrach dó i gComhaontú Aoine an Chéasta (agus, dos na haontachtóirí, i gComhaontú Bhéal Feirste) agus go bhfuil glactha ag Rialtas na Breataine leis.

Mar sin tá bunús leis ó thaobh an chomhaontaithe úd ar thug móramh thuaidh is theas tacaíocht dó scór bliain ó shin sa reifreann.

Fiú le déanaí, le linn diospóireacht leataobhach ar chlár Nolan Live, dúirt an t-aontachtóir a bhí ar chúl iarracht grúpaí dílseacha a aontú le chéile faoi bhrat na Comhairle Pobail Dílsí go raibh Acht na Gaeilge sa bhreis ar na nithe a raibh glactha leo i leith na teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta.

An féidir glacadh leis mar sin, dá reachtófaí an Chairt Eorpach, go nglacfadh aontachtóirí leis, mar nach raibh i gceist i bhfirinne ach brí a thabhairt do rud éigin a bhí aontaithe roimhe ach nach raibh á chur i bhfeidhm.    

Is dócha gur féidir linn a thuar gur féidir go mbeadh deacrachtaí ann mar gur dóichí ná a mhalairt go bhfuil páirtithe aontachtacha dall ar a ndualgaisí i leith na Gaeilge, ach is cinnte gur fiú é a chur chun tosaigh.  

An chúis eile gur fiú reachtú na Cairte a bhrú ná gur shínigh Rialtas na Breataine é agus gur fúthu atá sé í a fheidhmiú.

Go deimhin, d’fhéadfadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht a chuir trí Westminister agus feidhm dhlithiúil a thabhairt don Chairt i ngach náisiún de chuid na Ríochta Aontaithe, maidir leis na teangacha éagsúla a bhfuil an Cairt dearbhaithe ina leith.

Tá roinnt buntáistí leis seo - is réiteach don Ríocht Aontaithe é, seachas réiteach don tuaisceart amháin.

Cuidíonn sé leis an RA nasc Eorpach éigin a choimeád - bíodh is gur faoi bhrat Chomhairle na hEorpa seachas an Aontais Eorpaigh atá an Chairt.  

Tá buntáiste eile ann sa mhéid is go gceadaíonn sé ról cigireachta do Choiste na Saineolaithe a chiallódh go raibh ar Rialtas na Breataine tuairisciú go tráth rialta agus, dá mbeadh fórsa dlí leis, ní bheadh sé inghlactha ag Feidhmeannas an Tuaiscirt a chúraimí ina leith seo a sheachaint mar atá déanta acu ó 2013 i leith.  

Nuair a fhéachann tú ar na tuairiscí atá curtha faoi bhráid Choiste na Saineolaithe ag údaráis na Breataine Bige agus na hAlban, is léir go bhfuil tógtha sna dlínsí sin ar an gCairt chun cur le cearta is cosaintí teanga do lucht labhartha Cymraeg is Gàidhlig.

Is rud forásach í an Chairt a bhfuil dul chun cinn céimiúil san áireamh ann le gur féidir le rialtas nó le húdarás céimeanna chun tosaigh a ghlacadh ón íosphointe iontrála.

Faoi láthair tá an Ghaeilge greamaithe i bhfáinne fí a chinntíonn nach rachaidh sí in aon áit go gasta agus is léir, mar shampla, ón aighneas atá ar bun in Ollscoil na Ríona faoi chomharthaíocht dhátheangach, gur ag cúlú atá údaráis is a leithéid mar gheall go bhfuil doiléire ann.

Is féidir gur dul amú atá bunaithe ar mhíthuiscintí macánta iad seo - ach is féidir freisin go bhfuil leas á bhaint as an easpa cinnteachta chun cúlú ó riar a dhéanamh ar ár dteanga is orainne, a pobal labhartha.

Níos measa ná sin, tá an dioscúrsa i leith na teanga nimhneach ar an léamh is measa den scéal agus is é an leagan ‘gloine leathlán’ de sin ná go bhfuil an plé bunaithe ar aineolas is ar mhíthuiscintí.

Tá sé in am an múnla sin a bhriseadh agus tabhairt faoin gceist ar bhealach nua agus fronta úr san fheachtas ar son chur chun cinn na Gaeilge a nochtadh.

Is í an Chairt an fheithicil a thabharfaidh Acht na Gaeilge thar abhainn.

Close
Close