Siopadóireacht déine - Cad é an costas?

Michaeline Donnelly

Sna laethanta déine seo, bíonn orainn uilig ár gciosanna a theannadh.

Déanta na fírinne, ní gá ach amharc ar an athrú iomlán atá i ndiaidh teacht ar mhórshráideanna na tíre le cúpla bliain anuas leis seo a fheiceáil.

Tá na gnóthaí beaga, tithe tabhairne áitiúla agus cuid mhaith de na sreang siopaí ar nós Woolworths, Clinton Cards agus HMV imithe, agus tá síopaí carthanais, siopaí punt/Euro, geallbhróicéirí, agus níos measa arís, iasachtóirí na dála deiridh ar nós Cash Converters ina n-áit.

Gan amhras ar bith, is breá linn ar fad margaí maithe a aimsiú. Bhí mé ag éisteacht leis an raidió cúpla seachtain ó shin, agus bhí comórtas ann, achoimre a dhéanamh ar Éirinn i dtrí fhocal.

Cad é an buaiteoir? “Penneys, three euro!” Is magadh reatha é. Seachas ag sodar i ndiaidh na n-uasal mar a bhí tráth, tá muid anois i ngleic lena chéile ag iarraidh na rudaí is fearr a aimsiú ar an chostas is isle, nó gan rud ar bith a íoc ar chor ar bith! Ní eisceacht ar bith mise.

Bhí sé ina údar áthais agus bróid dom nuair a fuair mé éadaí dearthóra saor in aisce ag malartú éadaí a bhí againn anuraidh, cairdeagan agus péire wellies ar nós na cinn a chaitheann Kate Moss. Ní amháin nar chaith mé na wellies céanna (tá peire i bhfad níos deise agam ó Penneys), ach ní maith liom iad fiú. Ach is cuma faoi sin!

Ach an bhfuil dóchar ar bith lena leithéid? Tá, gan amhras.

Le cúpla mí anuas, tháinig cúpla duine, cailín i mBéal Feirste ina measc, chun cinn le héadaí a cheannaigh siad i Primark, ar a raibh teachtaireachtaí ar na lipéidí, ina measc “Degrading sweatshop conditions”, agus “Forced to work exhausting hours”.

Tá Primark ag maíomh gur cuireadh na teachtaireachtaí seo ar na héadaí sa Ríocht Aontaithe, ach fiú más amhlaidh an scéal, is léir nach bhfuil na hoibrithe ag fáil cothrom na Féinne ó thaobh cúrsaí pá, uaireanta agus coinníollacha oibre.

Faigheann na hoibrithe €53 in aghaidh na míosa faoi láthair i mBangladesh, agus i mí Aibreán na bliana seo caite, maraíodh 1100 oibrí nuair a thit monarcha éadaí a tháirgeann earraí do Primark, Mango agus comhlachtaí eile nach iad.

Ba cheart a rá go bhfuil Primark ag íoc £12 milliún cúiteamh d’oibrithe agus teaghlaigh na n-oibrithe a fuair bás, nó a gortaíodh sa tubaiste. D’ainneoin seo ar fad, níl an cosúlacht ar an scéal go bhfuil éifeacht ag na rudaí seo ar brabús an chomhlachta. Sna trí mhí suas go mí an Mheithimh, d’ardaigh díolacháin 22%.

Ach tá bealaí ann le bheith tíosach gan a bheith mí-eiticiúil. Malartú éadaí, mar shampla. Is bealach iontach é seo ní amháin le fáil réidh leis an tranglam, ach le rudaí nua a fháil saor in aisce.

Ach déan cinnte go gcaithfidh tú na rudaí sula glacann tú leat iad! Dar ndóigh tá fás mór in earnáil na n-éadaí seanré. In amanna caithfidh tú dul ag tochailt sna siopaí, ach is fiú go mór é nuair a thagann tú ar an seod sin, nach bhfeicfidh tú ar duine ar bith eile agus tú amuigh ag an deireadh seachtaine.

Agus ní éadaí seanré amháin atá à la mode faoi láthair, ach tá troscán upcycled ann fosta anois.

Tá cara mór de mo chuid ag tógáil tí faoi láthair, agus de ghnáth ní bheadh sí sásta ach le rudaí úra d’ardchaighdéan, ach chonaic mé grianghraif a chuir sí in airde ar Facebook den chéad iarracht a rinne sí leis an ‘uaschúrsáil’ seo ar chófra beag. Ar ndóigh, bhí sí breá sásta léi féin.

Rud a bhfuil mé féin ciontach ina leith ná bia a chur amú.

Meastar go gcuirtear 20% a cheannaímid sa bhruscar. Agus ní cuidiú ar bith é na margaidh BOGOF, nó earraí sa bhreis ar leathphraghas. Ba cheart dúinn uilig níos lú a cheannach. Ach tá borradh mór ann anois i lion na ndaoine atá ag fás a gcuid bia féin.

Tá scéimeanna mar seo ann anois i gCultúrlann Uí Chanáin leis an spéirghairdín agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an ghairdín dín. Bhlas mé féin cúpla tráta a d’fhás i nDoire, agus caithfidh mé a rá go raibh siad ar na trátaí is fearr dar bhlás mé riamh!

Mar sin, cé go bhfuil muid uilig faoi bhrú airgid, tá go leor bealaí ann le saol níos deise a chruthú do gach duine againn! Níl leithscéal ar bith againn!

Close
Close