Níl ceann ann do gach duine sa lucht féachana

Ciarán Ó Pronntaigh

Bíonn cara sa chúirt de dhíth ar gach duine. Nó, sin mar is fearr linn é cibé. Déanann seirbhísí nuachta rud mór den dóigh a dtig leo cuid den troid in éadan na bhfórsaí míchothroma sa saol seo a dhéanamh ar ár son. Bíonn am agus maoiniú acu an tochailt a dhéanamh agus na ceisteanna a chur ar eagraíochtaí móra, rud nach féidir leis an duine beag a dhéanamh.

Ach cad é a tharlaíonn nuair is gá iniúchadh a dhéanamh ar an tseirbhís féin? Tháinig an scéala gur thug RTÉ íocaíochtaí faoin tábla do Ryan Tubridy aniar aduaidh orainn. Bhí conspóid ann le tamall faoin ardíocaíocht a fuair cuid de réaltaí RTÉ ag am a raibh ciorruithe i bhfeidhm don chuid eile den fhoireann, gan cás suarach iriseoirí Raidió na Gaeltachta a chur san áireamh. Ach níor shíl mórán go mbéarfaí ar RTÉ agus iad ag lúbadh na rialacha.

Ag amanna mar seo, nuair a bheirtear ort san éagóir, is den chiall cur chuige trédhearcach a úsáid as sin amach. Ní miste a admháil go hionraic go ndearnadh meancóg nó fiú go ndearna duine éigin rud contráilte. Ach is gá bogadh go gasta agus na fíricí uilig a chur ar an tábla. Ar an drochuair, ní hé sin an seasamh a ghlac RTÉ.

Sa chéad dul síos, is cosúil gur tháinig an scéal amach mar gheall ar iniúchadh cuntasóra. Cúpla lá ina dhiaidh, tuairiscíodh gur cuireadh an tArd-Stiúrthóir, Dee Forbes, ar fionraí. Tá sí éirithe as an phost ó shin ach níor tugadh le fios gur cuireadh ar fionraí í nuair a bhris an scéal, amhail is go raibh siad ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar an scéal. D’eisigh an clár This Week freagraí ar cheisteanna a chuir sé ar bhainisteoirí RTÉ. Tugaim freagraí orthu leis an chiall is leithne den fhocal nó ba bheag an t-eolas a thug siad.

Má tá ceisteanna fós le freagairt – agus tá – is amhlaidh go bhfuil an cath caillte. Cailltear muinín an phobail más gá dul ar thóir na stiúrthóirí lena fháil amach cé a ghlac an cinneadh agus cé a cheadaigh é. An raibh duine ar bith de na boird a rialaíonn cúrsaí in RTÉ ar an eolas go raibh íocaíochtaí rúnda ag dul amach?

Is seirbhís phoiblí é RTÉ agus tá sé in ainm is a bheith cuntasach don phobal. Tá brú ar an eagraíocht airgead a mhealladh isteach trí fhógraíocht agus tríd an cheadúnas ach is gá súil ghéar a choinneáil air sin agus gan na rialacha a lúbadh. Bhí nós ag an ‘Late Late’ margaíocht a dhéanamh do chomhlachtaí trí shamplaí a thabhairt amach saor in aisce – ceann do gach duine sa lucht féachana. Is léir go raibh caidreamh an-dlúth, ró-dhlúth, b’fhéidir, ag an chlár leis an lucht fógraíochta. Agus is mar gheall ar an chaidreamh sin a thit Ryan Tubridy.

Ní rud folláin é an caidreamh seo don chraoltóir náisiúnta. An raibh ionchur ag na fógróirí ar cheisteanna eagarthóireachta, mar shampla? An raibh tuiscint ann nach bpléifí éifeacht dhíobhálach carranna don phláinéad nuair a bhí comhlacht carranna ag tabhairt urraíocht don chlár? Cá bhfios nó ní admhófaí a leithéid ach tá an dochar déanta anois do chlú RTÉ. Agus má tá amhras ann faoi chúrsaí eagarthóireachta i gclár amháin an dtig linn a bheith cinnte nach féidir tionchar a imirt ar an aschur nuachta? Caithfidh muinín a bheith againn go bpléifear rudaí amhail neodracht na hÉireann ar bhonn cothrom agus ní faoi thionchar dreama éigin anaithnid.

Is cinnte go bhfuil branda Ryan Tubridy imithe in éag ach an bhfuil an mhuinín atá againn as na daoine eile a oibríonn in RTÉ imithe leis, agus an mbaineann sé d’éifeachtacht na corparáide? Cé nach raibh aon bhaint aige leis an chás, mheas an craoltóir, Cormac Ó hEadhra, a bhí ag cur na gceisteanna ar Drivetime Dé hAoine, gur gá a lua go raibh an gníomhaire céanna aige is a bhí ag Ryan Tubridy. Ionraic agus trédhearcach ach níor chóir go raibh sé sa chruachás sin. An mbeidh bac anois ar iriseoirí macánta ceisteanna crua a chur ar na polaiteoirí nó eile?

Is den phráinn go léiríonn RTÉ go bhfuil siad i ndáiríre faoi na ceisteanna seo agus go nglacfaidh siad na céimeanna is gá a ghlacadh le muinín a thabhairt ar ais. Gan sin, ní fiú dóibh leanúint ar aghaidh.

Close
Close