‘Sa dearg’ - ciorruithe i mbuiséad oideachais 2017

Gach Méan Fómhair tagann an bhliain úr scoile, lán le fuadar agus sceitimíní, ach i mbliana tá brú mór airgeadais ar chuid mhaith de bhunscoileanna an tuaiscirt.

Ghearr an Roinn Oideachais 2.75 milliún de bhuiséad iomlán na mbunscoileanna ó thuaidh agus anois beidh £56 níos lú ann le haghaidh gach dalta.

Is dócha nach bhfuil mórán scoileanna áit ar bith sa tír - bunscoil nó iar-bhunscoil - nach bhfuil faoi bhrú ó thaobh airgeadais de.

Ní bhíonn ach méid áirithe sa bhuiséad gach bliain agus caitear an t-airgead sin ar rudaí bunúsacha agus riachtanacha, ar nós soilse a lasadh, teas a choinneáil ar obair, leabhair chearta a fháil, an treallamh cuí a bheith acu agus tuarastal na foirne a íoc.

De réir an Roinn Oideachais féin is é ceann dá phríomh-aidhmeanna ná an tús is fearr a thabhairt do gach dalta agus iad ag tosnú amach sa saol.

“Our aim is to give children the best start in life.” (Toradh 14, An Roinn Oideachais 2016 

Ach cén dóigh is féidir é sin a dhéanamh má laghdaítear an buiséad gach bliain?

I ráiteas a thug an Roinn Oideachais do Meon Eile, dúirt siad; 

“It is essential that, where this has not already been done, schools must make the difficult decisions required to allow them to live within their budgets as a matter of urgency. While legislation provides delegated budgets for Boards of Governors to deploy resources to best effect in delivering the highest possible quality of education for children, it gives no authority to Boards of Governors to exceed the limits of the budget delegated to them. Put simply, Boards of Governors cannot spend more than they receive without the express and advance approval of the Education Authority, as Funding Authority, and they must not plan to do so.

An gcuireann na ciorruithe is déanaí seo ár mbunscoileanna sa tuaisceart i gcontúirt, agus cad é an tionchar a bheadh aige seo ar oideachas ár bpáistí? 

Labhair muid le Pilip Mistéil, Príomhoide ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, agus le Seán Ó Muireagáin ó Comhairle na Gaelscolaíochta le fáil amach.

Sna seachtainí amach romhainn beidh Meon Eile ag déanamh tuilleadh faoi chúrsaí oideachais agus Gaeloideachais.

Close
Close