Máire Zepf
Más rud é nár chuala tú trácht ar Pokémon Go, is léir go raibh tú i bhfolach faoi charraig ar feadh seachtaine.
Carraig dhorcha gan wifi, í in áit iargúlta gan glacadóireacht gutháin, nó carraig i lár an Aigéain Atlantaigh, abair, nó i bpoll dubh sa spás.
Ach ab é sin, beidh a fhios agat gur tharla réabhlóid i saol na gcluichí soghluaiste.
Tháinig Pokémon Go chugainn, cluiche a bhaineann úsáid as GPS agus ceamara chun ligint don imreoir carachtair chartúin a cheapadh, a throid agus a thraenáil.
Tchítear na créatúir seo ar an scáileán amhail is go bhfuil siad san fhíor-shaol. Taobh istigh de sheachtain, tá Pokémon Go uaslódáilte ag níos mó daoine ná Twitter nó Google Maps.
Mura raibh tú ag imirt tú féin, is cinnte go bhfaca tú daoine eile amuigh ag dul dó. Tá sé furast an tarraingt a thuiscint – cartúin ar do shráid, iad le bailiú, sprioc agus dul chun cinn.
Teacht le chéile idir fhantasaíocht agus réaltacht.
Spórt agus spraoi.
Tá na meáin chumarsáide lán de scéalta iontais agus scéalta uafáis faoi.
Tá an tráchtaireacht ar an chluiche seo drámatúil gan amhras, agus scitsifréinach chomh maith.
Seo chugaibh Pokémon, slánaitheoir ár bpáistí!
Buaiteoir an mhurtaill!
Beidh glúin aclaí áthasach inár ndiaidh a bhuíochas do Phokémon!
Seo chugaibh Pokémon – scrios ár bpáistí!
Uirlis na ngadaithe agus na bpéidifileach!
Ochón, beidh ár leanaí ag súgradh sa trácht agus ag siúl isteach i mballaí!
Sin an áibhéil.
Ach ar chóir dom eagla a bheith orm roimhe mar thuismitheoir?
An bhfuil sé dáinséarach?
An mbeidh siad gafa leis, gan labhairt liom a thuilleadh, iad ag rith os comhair carranna chun Jigglypuff a cheapadh i lár an bhóthair?
Le blianta beaga anuas, tchím féin mar ‘Cigire Scáthláin’.
Seo dualgas tuismitheoireachta nach dtaitníonn mórán liom – súil a choinneailt ar an méid ama a chaitheann siad sa saol digiteach agus bheith cinnte go bhfuil go leor eile acu, idir aclaíocht, cheol, chruthaíocht agus chairde.
In amanna mothaím cosúil leis an ghasúr beag sa scéal lena mhéar sa chladán ag iarraidh an taoide a choinneailt siar.
Bím ag leagan síos teorann ama, ag argóint leo, á mealladh chuig rudaí eile (nó ag baint triall as cibé) agus ag cancracht orthu ó mhaidin go hoíche.
Má tá cath cumhachta ann idir máthair agus scáileán, ní dóigh liom go bhfuil mé ag baint.
Agus ansin, de phlab, tháinig Pokémon Go.
Ní amháin go bhfuil mo pháistí faoi gheasa aige, ach tá an namhaid istigh i mo theach féin.
Tá Poliwag ar an tolg agam, agus Bulbasaur ina sheasamh go dána ar bharr an chuisneora!
Pokémon Go – dúrud nó drochrud?
Tháinig an freagra go measartha gasta.
“A Mhamaí, an bhfuil cead agam dul amach?” arsa Anya (13) agus an guthán ina glac aici.
“Tá cinnte” arsa mise, sásta í a fheiceáil ‘amuigh’ as a seomra leaba, gan chaint ar an teach a fhágáil gan bhreab.
Nuair a tháinig sí ar ais, ba léir nach raibh taisme bóthar aici ach go raibh aoibh an gháire uirthi.
Chas sí ar chairde scoile ag ceann de na Pokéstops ar an bhaile agus chuaigh siad ag bailiú Pokémon le chéile.
Cosúil le zombaithe, éirithe óna seomraí leapa uaigneacha, meallta amach ar an tsráid ag na cartúin.
Agus ansin an t-iontas is mó, “Cá bhfuil muid ag dul tráthnóna inniú? An dtig linn dul amach?”
Agus chuaigh.
Mé féin agus an triúr páiste, amuigh ag siúl sa nádúr.
Shíl mé ar dtús go mbeadh lúb ar lár ann.
Bheadh sí greamaithe ar an scáileán beag fóin an t-am ar fad.
Bheadh na páistí ag troid le chéile faoi.
Nó bheadh an eachtra cosúil leis an táinrith a bhfaca mé ar an idirlíon.
Ach ní raibh.
Bhí sé galánta.
Fuair mé an aip ar mo ghuthán féin.
Shiúil muid linn faoin tuath agus ó am go chéile chroith an guthán chun a rá go raibh créatúr nó Pokéstop ann.
Fuair mé ubh, agus bhí orm siúil 5km chun gor a dhéanamh air.
5km de chomhrá agus craic leis na páistí, in áit gearáin agus breabanna.
An aip ag inse eolais dúinn faoin cheantar ina raibh muid.
Ansin, fuair Anya ubh eile.
Tuilleadh súilóide le déanamh!
Bhí mé ar dhroim na muice.
“Goitse” arsa Anya, “rachaidh muid an bealach seo, tá sé níos faide!”
Mo cheol thú a Phokémon Go – caidé an dóigh ar mhair mé roimhe trí shaoire fhada an tsamhraidh is gan thú agam?