Léim isteach sa dorchadas

Léim isteach sa dorchadas

Ciarán Dunbar

Tá sé chomh maith agam fiche focal a chur i bhfocal amháin, mar sin déanfad amhlaidh gan a thuilleadh moille: Inimirce.

Tá an Ríocht Aontaithe ag dul an tAontas Eorpach (AE) a fhágáil mar gheall ar chúrsaí inimirce.

‘Fanacht’ nó ‘Imeacht’, bhain an cheist le cúrsaí inimirce go príomha.

Cinnte, bhí ceisteanna áirithe eile ann: easpa daonlathais san AE, cúrsaí déine, míshástacht leis an Ghearmáin, neamhspleáchas na hAlban, Éire Aontaithe, tógáil na Sar-stáite agus go leor eile.

Ceisteanna iad siúd a d’imir tionchar éigin ar conas a vótáil go leor daoine sa reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe (RA) san AE.

Ach isteach ná amach ar an toradh níor chuir siad.

Bhain croí na ceiste, i Sasana go háirithe, le cúrsaí inimirce agus ba í an inimirce a bhain é don taobh ar son na Breat-imeachta.

Tosófar díospóireacht ar an inimirce go dtí an RA anois ach tá sé ró-mhall, tá an cinneadh déanta.

Mar sin féin, is saonta soineanta iad siúd a chreideann go gcuirfeadh an Bhreat-imeacht deireadh leis ar fad.

Agus tá amhras orm go gcreideann cuid mhaith daoine san RA go mbeidh saoirse taistil agus cónaithe acu siúd i dtólamh san Eoraip, cé go séanfar sin go luath ar dhaoine eile.

Ceist ollmhór í anois don RA cad atá i ndán do na milliúin inimirceach atá ag cur fúthu sa tír agus cén dóigh a phlé leis gan pléascadh ciníochais.

Tá an reifreann seo tar éis a chruthú go bhfuil ceist na hinimirce níos tábhachtaí do mhórchuid mhuintir na RA ná an geilleagar.

Athrú mór domhain é sin.

An Teorainn

Ar an ábhar buairimh is mó a bheadh ag muintir na Sé Chontae ná stádas na teorann agus cé chomh ‘crua’ is a bheidh sé amach anseo.

Ar ndóigh, bhí sé ó bunaíodh Saorstát Éireann agus tá i gcónaí ach b’fhurasta neamhaird a dhéanamh air le blianta anuas.

Mhaígh lucht ‘imeachta’ nach mbeadh teorainn chrua ann in athuair ach ní dócha gur féidir mórán muiníne a chur sa ghealltanas sin.

Táthar aontaithe, nach mór, go mbeadh sé ina thubaiste pholaitiúil, eacnamaíochta agus shóisialta dá mbeadh seicphointí agus scuainí fada ar an teorainn arís – ar an dá thaobh.

Mar sin féin, tá sé doiligh a cheapadh cén dóigh gur féidir é a sheachaint, go polaitiúil (de réir mar a éilíonn an tAE agus rialtas Londan) agus go praiticiúil.

Ar an lámh eile, deir daoine a chónaíonn ar an teorainn liom go mbeadh sé chóir a bheith dodhéanta é a dhúnadh go daingean – ní raibh sé riamh druidte mar sin go dtí seo.

Éire

Tá fíor-imní ar rialtas na Poblachta faoin chinneadh seo agus tá tráchtairí eacnamaíochta d’aonghuth – déanfar dochar d’eacnamaíocht na hÉireann ar an iomlán.

Taobh amuigh den mhacra-eacnamaíocht, beidh tionchar ag an Bhreat-imeacht ar gheilleagair áitiúla ar an dá thaobh den teorainn.

Thuas seal, thíos seal ag bráth ar chúrsaí airgeadra mar a bhíodh i gcónaí, ach tá baol úr ann go mbeidh baic ann maidir le trádáil.

Tá go leor míchinnteachta ann, rud nach gcabhraíonn le cúrsaí gnó.

Athghairmeofar an Dáil inniu (Dé Luain) leis an cheist a phlé.

Stádas na nÉireannach

Pointe tábhacht le lua ná go bhfuil pasanna Éireannacha ag go leor daoine ó thuaidh.

Beidh an ceart sin ag muintir na Sé Chontae beag beann ar an RA ag fágáil an AE.

Tá leideanna ann cheana go bhfuil an líon sin ag dul ardú go mór agus go tapa.

Ach tá sé dearbhaithe ag Parlaimint na hEorpa liom go bpléifear leo mar dhaoine a chónaíonn thar sáile, taobh amuigh den Eoraip.

Mar sin, ní bheidh vóta ná ionadaíocht acu sin i bParlaimint na hEorpa.

Síolraíonn go leor ceisteanna as sin.

Náisiúnaithe

Nuair a amharctar ar an léarscáil vótála na Sé Chontae tugann sé léiriú bréagach – shílfeadh duine gur vótáil na náisiúnaithe ar fad fanacht agus na haontachtaithe go léir ar son imeachta.

Níl sé chomh simplí sin – bhí daoine ón dá dhream ar an dá thaobh.

Agus, go suntasach, d’fhan go leor náisiúnaithe sa bhaile – cad chuige?

Dar liom, tá an imní chéanna ar roinnt mhaith acu faoi chúrsaí inimirce agus atá ag lucht oibre Shasana.

Sa dara dul síos, shíl siad gur ceist nár bhain leo mar Éireannaigh agus gur rud Sasanach a bhí ann, gur titim amach idir baill ‘dining club’ ollscoile a bhí ann.

Agus mar a dúirt gníomhaire Shinn Féin liom maidin Dé hAoine: “Vótáil cuid mhaith den cheantar seo ar son na Breat-imeachta de bhrí go bhfuil siad ciníoch agus aineolach.”

Míshástacht le Sinn Féin cúis eile agus chomh maith leis sin shíl cuid daoine go gcabhródh Breat-imeacht le hÉirinn Aontaithe.

Éire Aontaithe?

Vótáil tromlach na Sé Chontae agus mór-thromlach na hAlban ar son fanachta (b’fhiú a lua gur vótáil na ceantair is mó Breatnaise ar son fanachta chomh maith).

Ní cóir a bharraíocht a dhéanamh as an scéal ach is cosúla Éire Aontaithe mar thoradh ar an reifreann seo, más ar éigean é.

Ní bheidh aon reifreann ann ó thuaidh fiú sa mheán-tréimhse ach beidh in Albain.

Má vótálfaidh Albain chun an RA a fhágáil bheadh tionchar éigin aige sin ar an Tuaisceart ach ní hé sin le rá go mbeadh Éire Aontaithe ann.

Ach mar thoradh ar imeacht na Breataine beidh iallach ar náisiúnaithe measartha agus aontachtaithe Caitliceacha rogha a dhéanamh maidir le dílseacht agus mianta polaitiúla s’acu in athuair – buile dóibh siúd atá ag iarraidh bunsraith nua do Thuaisceart-Éireannaigh agus tír nua a bhunú orthu é an Bhreat-imeacht.

Gaeilge

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, scátheagras abhcóideachta na Gaeilge:

“Tá contúirt anois ann go dtarraingeoidh rialtas na Breataine siar ó dhlúthcheangal na n-ionstraimí idirnáisiúnta a thug cosaint de chineál éigin don Ghaeilge le blianta beaga anuas, leithéidí Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Creat-choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta.

“D’fhágfadh sin an teanga ó thuaidh ar an trá fholamh mar gheall ar na teipeanna uilig ó 2006 le hAcht na Gaeilge a thabhairt isteach abhus.

“Beidh POBAL ag coinneáil súil ghéar ar an cheist seo. Beidh muid ag déanamh teagmhála leis na polaiteoirí ar fad le cás na Gaeilge a chur,” a dúirt sí.

An todhchaí

Cad é atá ag dul tarlú anois?

Níl a fhios agam, agus níl a fhios aon duine eile ach an oiread.

Ach rud a bhfuil mé cinnte faoi ná go mbeidh an tAE ag iarraidh ar an RA a fhágáil chomh luath agus is féidir.

Agus, go ndéanfaidh siad cinnte pionóis chomh trom agus is féidir a ghearradh – ar eagla go smaoineodh cúigí eile ar éirí amach chomh maith.

Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach a thuiscint nár athraigh rud ar bith ó thaobh dlí de sa RA nó san AE, go fóill.

Ní raibh sa reifreann ach vóta ‘comhairleach’ agus ní féidir ach Parlaimint na Breataine dlíthe a reachtú don RA uile go léir (“_Parliament is sovereign_”).

Tá spás éigin ann don realpolitik mar sin agus ní cóir a bheag is fiú a dhéanamh do ghliceas na bpolaiteoirí.

Próiseas fada a bheas ann, beag beann ar mhianta na gcoimisinéirí, agus ní fios cén uair a dtosóidh sé go hoifigiúil – agus cuimhnigh nár thosaigh go fóill.

Fiú ansin, agus tar éis na gcainteanna go léir, beidh sé riachtanach don RA gach lúb dhlíthiúil a dhí-shníomh de réir a chéile – glacfaidh sé sin na blianta.

Ní bheidh sé soiléir cén lá a fhagfás an Bhreatain an tAE a aithint go díreach.

Close
Close