An bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga den eite chlé?

An bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga den eite chlé?

Ciarán Dunbar

“Is mó Gaeilge a bhíonn ag an seandream ná ag an aos óg, in ainneoin an méid cainte a dhéantar faoi bhorradh an ghaeloideachais. Bíonn Gaeilge ag sean-sagairt agus ag sean-mhúinteoirí scoile. Bíonn Gaeilge, ar údar aisteach éigin, ag go leor as cathair Chorcaigh. Ní bhíonn Gaeilge ag muintir lár tíre. Bíonn Gaeilge ag lucht Chumann Lúthchleas Gael agus ní bhíonn ag lucht rugbaí. Bíonn níos mó Gaeilge ag fir ná mná. Bíonn Gaeilge (iontas na n iontas) ag Caitlicigh ó thuaidh agus ní bhíonn ag Protastúnaigh. Tá níos mó Gaeilge ar an eite chlé ná ar an eite dheis.”

Gormfhlaith Ní Thuairisg (in Scéal Scéil : Rúndiamhra na Meán, curtha in eagar ag Breandán Delap)

An bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga den eite chlé? Is é sin le rá, an bhfuil bunús ‘phobal na Gaeilge’ ar an eite chlé agus, más fíor é sin, an bhfuil impleachtaí ann?

Séamus Ó Neachtain

Tá an Meiriceánach Séamus Ó Neachtain ar dhuine de na daoine is aitheanta ar an eite dheis i saol na Gaeilge mar gheall ar a bhlag, caomhach.blogspot.com.

Tá sé ina eagarthóir ar an iris Ghaeilge idirnáisiúnta ‘An Gael’ chomh maith.

Deir sé go bhfuil “tuairimí agus fíricí" le léamh ar a bhlag, “nach mbíonn le fáil aon áit eile as Gaeilge."

Chuir mé an cheist air, an aontaíodh sé gur teanga ‘forásach’ nó ‘fríth-chaomhach’ í an Ghaeilge anois, nó le bheith níos cruinne faoi, an mar sin atá pobal na Gaeilge i saol na linne seo?

“Ní dóigh liom go mbíodh an dearcadh sin ag na Gaeil go dtí le déanaí,” ar seisean.

“Ach mar sin féin, ní féidir le teanga bheith ‘forásach’ (mar dhea) nó cúlaitheach. Is meán cumarsáide í aon teanga. Níl aon chlár oibre ag teanga (ach amháin b’fhéidir teanga nuachumtha mar Esperanto).

Ach rinne mé pointe leis gur mhothaigh mé go raibh chomh cuid mhór Gaeilgeoirí ar an taobh clé den speictream agus d’fhiafraigh de a thuairim air sin.

“Tá an tacaíocht is láidre don teanga sna scoileanna, i gcodanna den rialtas, agus i measc scríbhneoirí is ceoltóirí,” a mhínigh sé.

“Bíonn an chuid is mó acu ina gcónaí sna cathracha móra, agus roinnt mhór acu ina ngníomhaithe óga. Bíonn an móramh dá leithéid sin ar an eite chlé (faraor).

“Dá mb’fheirmeoirí nó iascairí iad, nó saighdiúirí, déarfainn go mbeadh an móramh ní ba choimeádaí, a mhalairt leis an lucht acadúil srl.

“Dar leis na tuairiscí a chloisim, ní bhíonn lucht na Gaeltachta chomh liobrálach agus a bhíonn lucht tacaíochta na teanga lasmuigh.

“Agus fanann an móramh coimeádach ina dtost. Ní bhíonn daoine coimeádacha ar an raidió nó sna nuachtáin, mar ní maith leo, minic go leor, bheith os comhair na ndaoine mar sin. Bheadh na daoine a bhíonn ann ag magadh fúthu, cheapfaidís.

“Más amhlaidh go bhfuil a lán daoine in Éirinn ar an eite chlé go ginearálta sa lá atá inniu ann, ní hamhlaidh a bhíodh i gcónaí, mar is léir ón litríocht is ón mbunreacht, fiú.

“Dar liom, bhíodh Éire an-choimeádach, b’fhéidir ró-choimeádach fiú, agus bíonn a lán daoine ag iarraidh rith chomh fada agus is féidir ón meon sin – chun a bheith nua-aimseartha, agus i measc na bien pensant ar fud an domhain.

“Ní dóigh liom gur meon an-Éireannach é ar chor ar bith. Ach is féidir go bhfuil siad beagán níos “frithghníomhaí” mar gheall ar an stair."

Agus mise ag obair ar scéalta a bhaineann le cearta teanga in Éirinn, mhothaigh mé i dtólamh go raibh an tacaíocht don choincheap seo ceangailte leis an eite chlé – ar ndóigh, is ar éigean má tá aon tacaíocht ag an Ghaeilge i measc thráchtairí na heite deise – Ian O’Doherty, Kevin Myers agus Declan Lynch chun fíorbheagán acu a lua.

Cad a shíleann Séamus de sin?

“Sin rud nach dtuigim féin (an fíor é, nó an é nach mbíonn ach cúpla duine ag gearán i gcónaí?), ach amháin go mbíonn baint idir an teanga agus an pholaitíocht radacach.

“Agus cur amú airgid, agus barraíocht cumhachta ag an rialtas, uaireanta.

“Cheapfá go mbeadh daoine coimeádacha an-tógtha le caomhnú an chultúir is sean-teanga na ndaoine. Is nós coimeádach sin, dar ndóigh. Ach seo drochthionchar na Sasanach in Éirinn, b’fhéidir. 

“Labhraíonn daoine fiúntacha Béarla – sin an rud a cheaptar le breis is céad go leith bliain. Agus is deacair go leor an dearcadh sin a athrú. Go háirithe nuair a bhíonn an IRA agus na sóisialaithe agus réabhlóidithe nach iad ceangailte le gluaiseacht na Gaeilge.

“Agus nuair a cheapann lucht tacaíochta na Gaeilge nach féidir aon rud a dhéanamh gan an rialtas.

“Pé scéal, is galar Éireannach é seo. Seasaimse le cearta teanga, agus ní dóigh liom go mbeadh aon duine lasmuigh d’Éirinn nár ól nimh na staire sin in éadan chearta lucht labhartha na Gaeilge.

“Faraor, tá daoine ann nach bhfuil meas acu ar an teanga, féachaint nach bhfuil meas ag na hÉireannaigh uirthi, go bhfios dóibh. Ach is cuma leo í, seachas a bhíonn á brú síos.”

Ach cad a ba chóir a dhéanamh mar sin le daoine níos caomhaí a mhealladh i dtreo na Gaeilge dar le Séamus?

“Smaoinítear go minic, dar le mo thaithí féin ar an scéal, go bhfuil meon amháin Gaelach ann maidir le cúrsaí polaitiúla. Agus dar ndóigh, sin meon ceartchreidmheach na heite clé.

“Ba chóir fáil réidh le dearcadh mar sin. Is nós traidisiúnta na nGael é cúrsaí a iniúchadh is a phlé, seachas a leithéid sin.

“Má fheiceann daoine coimeádacha go mbíonn fáilte roimh a gcuid tuairimí, seans go mbeidís ní ba shásta páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge sna meáin (agus ar an idirlíon).

“Agus tá daoine coimeádacha ann – go háirithe iad a bhacann le cúrsaí creidimh. Ba chóir sin a aithint, agus meas a thabhairt dóibh. Nílimid lasmuigh den champa!”

Mar sin, an measann Séamus go bhfuil na meáin sa Ghaeilge faoi smacht ag an eite chlé?

“Aon uair a bhíonn tuairimíocht nó polaitíocht á plé, déarfainn go bhfuil, den chuid is mó. Thugtaí deis domsa freagra a thabhairt, minic go leor, agus déantar iarracht sin a réiteach uaireanta. Freagra a bhíonn ann i gcónaí do gach rud eile ar fad a bhíonn ann, ámh.

“Murach cúrsaí a bheith chomh claonta agus a bhíonn, ní bheadh gach rud chomh hachrannach, agus seans go mbeadh ní ba mhó daoine sásta a gcúpla pingin a chur isteach.

“Mo léan, níl roinnt de na meáin Ghaeilge ann níos mó. Seans dá mba dhearcadh ní ba leithne agus ní ba chríonna acu, bheidís fós linne.

“Nuair a bhíonn tú ag tabhairt maslaí do leath na ndaoine a bheadh do do léamh, sul i bhfad ní bheidh ach leath na ndaoine agat agus a b’fhéidir a bheith. Agus leath den airgead, agus leath den tacaíocht. Ar a laghad.

“Mar eagarthóir ar ‘An Gael’, seachnaímse aon pholaitíocht ar bith san iris, ionas go mbíonn sé chomh nimhneach. Cuirim an bhéim ar chairdeas idir lucht labhartha na Gaeilge. Is iomaí rud dearfach atá againn. Ní bhíonn gá le troid i gcónaí!”

Séanán Mac Aoidh

Bheadh aithne ag go leor daoine ar Shéanán Mac Aoidh, arb as Muineachán dó, mar ghníomhaire Gaeilge a sheasann go daingean leis an eite chlé.

Tá sé ina bhall de Mhisneach i nGaillimh ach labhair sé liom mar dhuine príobháideach. Mhínigh sé dom go labhraíonn gach cineál duine an Ghaeilge.

“Ag labhairt thar mo cheann féin atá mé mar a déarfá ach tchítear domhsa gur le lucht labhartha na Gaeilge an teanga féin agus mar sin tá daoine den eite chlé, den eite dheis agus daoine a bhfuil achan chineál barúla acu a labhrann an teanga.

Mar sin féin, dar leis go n-imríonn an comhthéacs ina mhaireann an Ghaeilge tionchar ar an pholaitíocht atá bainteach léi.

“Ina dhiaidh sin féin, teanga faoi chois atá sa Ghaeilge, teanga atá faoi bhrú millteanach an Bhéarla agus an impiriúlachais chultúrtha leis na céadta bliain agus leoga go dtí an lá atá inniu ann.

“Agus mar sin ní dhéanaim lá iontais de go bhfuil cuid mhór daoine i saol na Gaeilge a bhfuil claonadh acu i dtreo na heite clé.

“Daoine a bhfuil bá mhór acu leis an té atá ag fulaingt nó an té atá ar an ghannchuid. An chontúirt atá ann, talamh slán a dhéanamh de go mbeadh sórt faoi leith polaitíochta ag duine siocair an teanga a labhraíonn sé go laethúil. Sin amaidí.

“Cuir i gcás an Béarla, gan dabht teanga an rachmais agus na cumhachta ach tá léar daoine maithe nach bhfuil acu ach Béarla.”

Gearóid Ó Laoi

Labhair mé le Gearóid Ó Laoi ó Chorcaigh ar an ábhar seo, deir sé go bhfuil polaitíocht an láir aige féin ach aontaíonn sé go bhfuil Gaeilge níos láidre ar an eite chlé.

“Déarfainn féin gur fíor gur treise an Ghaoluinn ar an éite chlé ar chúis amháin, agus sé cúis é gur treise í i measc lucht Shinn Féin ná in aon pháirtí eile.

“Ní raibh baint dá laghad riamh agam féin leo siúd ach tá aithne agam ar bheirt nó triúr acu agus iad siúd go háirithe, tá Gaeilge den scoth acu. Beirt acu siúd dob é sa jailteacht a d’fhoghlaimíodar í.

“Ar an dtaobh eile táid den eite dheis, dá gcuirfeá FF agus FG inti, go bhfuil an teanga go breá acu, ach is lú a líon.”

Eoin Ó Riain

Ach níl gach duine ar aon fhocal faoin cheist seo, tá go leor scríofa ag an bhlagadóir Eoin Ó Riain ar áit na Gaeilge sa pholaitíocht le blianta anuas.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé fíor go bhfuil níos mó Gaeilge ag an eite chlé (pé brí atá leis sin). Cuid de na páirtithe a deireann go bhfuil siad “ar son” na Gaeilge is beag atá léirithe acu.

“Cuid eile is beag tagairt a déanann siad don teanga ar chor ar bith gan fiú cnaipe “Gaeilge” ar an suíomh acu.

“Cinnte más Fine Gael an eite dheis táid “i gcoinne” na Gaeilge gan aon amhras.

“Más Sinn Féin an eite chlé níl spéis dá laghad acu mar pháirtí ach sa mhéid go gcabhródh sé leo dul i gcumhacht. Tá daoine aonair i ngach páirtí agus sa státseirbhís atá báúil don teanga.”

Trácht

Cad é a spreag an t-alt aisteach seo, bhál, mar is gnáth, comhráití pearsanta agus na meáin shóisialta.

Mhothaigh mé nárbh fhéidir liom smaoineamh ach ar 2/3 duine atá ar an eite dheis den speictream i measc Ghaeilgeoirí i mo chiorcal (teoranta) féin.

Go háirithe i measc gníomhairí – mothaím féin go nglactar leis cad is forásach ann ach gur forásach atá na Gaeil.

Is cuimhne liom ailt ón eite dheis a fhoilsiú is mé i m’eagarthóir ar ‘Gaelscéal’ agus ba é sin an gearán a rinneadh liom – pobal den eite chlé sinn pobal na Gaeilge, ba chóir don nuachtán sin a léiriú.

Bíonn baint ag teangacha le náisiúnachas i dtuairim an scríbhneora seo – séantar sin go minic go poiblí in Éirinn ach admhaítear go minic go príobháideach é.

Bíonn náisiúnachas bainteach leis an eite dheis go minic – ach ní amhlaidh an cás in Éirinn óir, i mo thuarimise, cloíonn cuid den eite dheis i dtreo Londain agus an Ghalldachais seachas le haon tréith dhúchasach (mar a amharcann ar roinnt mhaith den eite chlé ar ndóigh).

Tá cuid mhaith d’eite dheis na hÉireann fríth-náisiúnach agus bá acu leis an Bhreatain – léiríonn roinnt mhaith den tuairimíocht a scríobhtar ar Éirí Amach 1916 sin go soiléir.

Ach mar gheall ar laigeacht na Gaeilge, is ar éigean go mbíonn ar namhaid na teanga an galldú a chosaint mar ídeolaíocht, ní gá dóibh ach an Ghaeilge a ionsaí.

Agus ar ndóigh, is rud thar a bheith radacach teanga mhionlaithe a athbheochan, cearta teanga a chur chun cinn nó fiú a choinneáil beo.

Seans nach suíonn sé sin go maith le daoine caomhacha?

Is cinnte go bhfuil aithne agam ar Ghaeilgeoirí dílse a bheadh an-mhí-chompordach le haon ghníomh radacach ar son na teanga nó le haon ghníomh a chruthódh aon teannas leis an mhórphobal Béarla, b’fhearr leo í a bheith marbh.

Agus cearta teanga, cearta daonna atá i gceist, is fearr leis an eite dheis cearta daonlathacha seachas cearta daonna.

Chomh maith leis sin, ar an ábhar go bhfuil Béarla ag gach Gaeilgeoir inniu, ní fheiceann cuid mhaith daoine go bhfuil aon ghá le freastal ar lucht na Gaeilge seachas sa Bhéarla.

Mar sin de, cuireann éilimh na nGael isteach orthu mar rud nach bhfuil aon riachtanas leis.

Cuirim an cheist orm féin – an gcoinníonn an Ghaeilge slán sinne in Éirinn ó antoisceachas na heite deise atá ar fáil go flúirseach i dtíortha eile?

Bheinn féin den tuairim nach bhfuil eite fhor-dheis láidir in Éirinn mar gheall ar an Ghaeilge (agus an chríochdheighilt).

Cén chaoi a mbeifeá ag tabhairt amach faoi eachtrannaigh ag déanamh dochair don chultúr dúchasach mura bhfuil meas agat féin air agus mura féidir leat an teanga náisiúnta a labhairt tú féin?

Ach seo an rud, an bhfuil baol ann, má cheanglaítear an Ghaeilge le liobrálachas agus sóisialachas amháin amach anseo – an mbeidh daoine ar an eite dheis i gcoinne na Gaeilge ‘go nádúrtha’ gan mórán machnaimh a dhéanamh ar an cheist ar nós bunús aontachtóirí an tuaiscirt?

Agus an é go mbaineann sé seo go léir leis an chodarsnacht idir ‘réalaíochas’ agus ‘aislingeachas’?

B’aisling riamh athbheochan na Gaeilge – an é gur rud neamhphraiticiúil mionteanga gan luach eacnamaíoch agus dá bhrí sin, go bhfuil sé deacair do dhaoine a chreideann sa saor-mhargadh bá láidir a bheith acu don teanga?

Mar sin féin, an dearcadh a bhí i gcoitinne ag beagnach gach duine ar labhair mé leo maidir leis an alt seo ná, sea, tá cuma ar an scéal go bhfuil bá níos láidre ag daoine ar an eite chlé don Ghaeilge i láthair na huaire, ach nach gá go mbeadh sé mar sin agus gur féidir le gach eite a bheith báúil di.

Ar an ábhar sin, is suimiúil go bhfuil Gaeilge ag Lucinda Creighton agus go bhfuil a páirtí nua ag ceapadh polasaí ar an teanga cé gur beag Gaeilgeoir atá ag súil le mórán uathu ar an cheist.

Close
Close