An dóigh leis na Dubs a chloí...

Colm Duffin 

Tá siad ag cúngú páirceanna. Tá siad ag úsáid scuabadóirí. Tá córais chosanta níos righne acu. Tá córais frithionsaithe níos casta acu. Tá gach cleas – ceart, cóir agus cam (seachas an bhábóg Vúdú... go bhfios dúinn) – in úsáid ag foirne peile uile na tíre seo chun na Baile Átha Cliath a shárú. Ach ba bheag an mhaith iad go dtí seo.

Tá síceolaithe acu, fisiteiripeoirí, anailísithe agus saineolaithe bia. Tá siad i ndiaidh gach rud a fháil...gach rud ach an bua ar na Dubs. Tá na bainisteoirí agus na roghnóirí an-samhlaíoch agus iad ag ceapadh bealaí chun na Dubs a chloí, ach an bhfuil siad samhlaíoch go leor?

An é nár smaoinigh siad ar na seoda seo - teaicticí a bheidh in úsáid ag clubanna ó cheann ceann na tíre ar an bhliain seo chugainn. (Ar ndóigh tá mo sheoladh ag an eagarthóir chun gur féidir leis an bhainisteoir bhuacach bonn uile-Éireann a sheoladh chugam sa phost.)

Caithigí uaibh na bróga peile!

Má bhí Babs Keating ábalta imirt ar feadh tamaill cosnochta ar son Thiobraid Árann i gcluiche ceannais iomána na hÉireann i gcoinne Chill Chainnigh in 1971, bheadh peileadóirí na tíre seo lánábalta aige chomh maith. Tá dromchla Pháirc an Chrócaigh mar a bheadh cairpéad ann cá bith agus is minic a deirtear nach bhfuil mórán feidhme leis na cosa sa stíl úr pheile a chleachtar ar na saolta seo...

Ní hé lá na báistí lá na Dubs

De ghnáth guitear son Leanbh Phrág ar mhaithe leis an dea-aimsir ach ba chríonna an beart é iarraidh air lá cáidheach fliuch a thabhairt dúinn lá Chluiche Ceannais na hÉireann! Imríodh cluiche ceannais iomána na hÉireann 1939 faoi stoirm mhillteanach thoirní agus níor léir don lucht féachana roinnt de na himreoirí ar an pháirc. Baisteadh Cluiche Ceannais na Toirní agus na Tintrí air agus de réir chosúlachta, bhí an dath ar gheansaithe na n-imreoirí ag sileadh síos go dtí a mbrístí gairide bhí sé chomh fliuch garbh sin! Anois, chuirfeadh sin dallamullóg cheart ar Ciarán Kilkenny agus a leathbhádóirí an pas ceart a aimsiú! Agus thar aon ní eile b’fhéidir go gcuirfeadh sé splanc cheart san imirt fhoighneach atá i réim faoi láthair.

Tabhair íde na muc is na madraí dóibh

Is é cara dílis an duine é, ach níos tábhachtaí fós b’fhéidir, is é cara dílis an 31 chontae é chomh maith. Is iomaí cluiche i ngach aird den tír a thug madadh beag rúid ghasta ar an pháirc le linn na himeartha agus d’fhéadfaí leas a bhaint as a bhfonn chun reatha chun na Dubs a chloí. Anois, níl a fhios agam faoi na muca, ach nár mhaith dá gcaithfí madadh nua isteach ar an pháirc gach cúpla bomaite. Bheadh ar an réiteoir an cluiche a stopadh de shíor agus ní bheadh na Dubs ábalta aon dul chun cinn a dhéanamh.

Tús maith deireadh na hoibre

Jimmy Cooney bocht. An réiteoir a chuir stop tobann le cluiche leathcheannais iomána na hÉireann idir An Clár agus Uíbh Fhailí in 1998. Bhí an Clár trí chúilín chun cinn agus gan mórán ama fágtha. Shéid Cooney an fheadóg deiridh sula raibh an 70 bomaite caite, rud a bhain siar as gach duine a bhí ag amharc ar an chluiche. Nár mhaith an cleas é, ionsaí ollmhór a dhéanamh ag tús na himeartha, scór a aimsiú agus fanacht go foighneach le fead bhinn na feadóige deiridh... gan ach 3 bhomaite a bheith imeartha.

Is fearr cara i gclár na scór...

Lig dóibh a rogha rud a scóráil sa chluiche - dhá chúl, trí chúl, ceithre chúl. Is cuma nó, ar ndóigh, beidh fiche euro tugtha agat roimh an chluiche don té atá i mbun chlár na scór agus cinnteofar mar sin go gcuirfear riocht ‘sásúil’ air do d’fhoireann féin. Go deimhin, moltar i ngort na síceolaíochta gan amharc ar chlár na scór cá bith fad agus atá an imirt ar siúl – mar sin de ní bheadh a fhios ag na Dubs gur bhain siad ar chor ar bith. Nach maith mar a d’oibrigh an cleas seo i gcluiche ceannais Christy Ring in 2016 idir An Mhí agus Aontroim, nuair a chreid an dá fhoireann agus an réiteoir, de réir chlár na scór, gur bhuaigh an Mhí ach bhí fabht i gclár na scór agus comhscór a bhí ann i ndáiríre. Imríodh athimirt... ach gur bhain an Mhí cá bith!

Eagraigh do Lá Mór don Lá Mór

Bíodh cogar i gcluas agat le duine de fiancé na Dubs agus iarr orthu lá a mbainise a athrú go dtí lá Chluiche Ceannais na hÉireann féin. Ansin, bheadh cluiche againn a bheadh ar aon dul le cluiche ceathrú ceannais peile Ard Mhacha idir Crois Mhic Lionnáin agus Dromainn Tí in 2014. Bhí imreoir as Dromainn Tí le pósadh lá an chluiche agus diúltaíodh an cluiche a chur ar athlá. Bhí an fhoireann i bponc nó bhí bunús mór na foirne le freastal ar an bhainis rud a d’fhág nach mbeadh foireann acu. Murach scaifte de sheanleaideanna an bhaile a tháinig le chéile le himirt ar son na sinsear – duine acu a bhí ag caitheamh jíons - ghearrfaí fíneáil ar an chlub. Is leor a rá gur bhain Crois Mhic Lionnáin! Nár dheas deis a bheith againn leithéidí Bernard Mór Brogan agus Barney Rock a fheiceáil i mbun na peile arís eile ó na seanlaethanta!

Close
Close