Seachtain Feasachta LADT 2018

Seachtain Feasachta LADT a bhí ann an tseachtain seo caite i mBéal Feirste agus i nDoire agus réimse leathan imeachtaí ar siúl.

Cara-Friend, The Rainbow Project, Here NI agus GenderJam a eagraíonn an tseachtain achan bhliain chun ardú feasachta a dhéanamh ar chúrsa LADT - na rudaí atá bainte amach agus na fadhbanna atá go fóill le sárú. 

Deis ar phlé agus ar shiamsa atá sna himeachtaí spraíúla agus dáiríre seo, a tharlaíonn taobh amuigh de shéasúr Bród.

Fuair Meon Eile blaiseadh de chuid de na himeachtaí i mBéal Feirste agus i nDoire agus labhair muid le roinnt acu siúd a bhí páirteach.

Close
Close