Ná seas ar bheach!

Lá náisiúnta ‘Don’t Step on a Bee Day’ atá ann inniu agus chun céiliúradh a dhéanamh ar an ócáid, chuaigh Meon Eile i dteagmháil le Catherine Ní Cheallaigh as Dún Geimhin, Contae Dhoire, a bhfuil beacha á gcoinneáil ag a teaghlach le bliain anuas. Labhair sí linn faoina taithí leis na beacha go dtí seo agus an easpa meala atá faighte uathu fosta!

Bhí suim i gcónaí ag muintir Uí Cheallaigh sna beacha, mar sin thart ar bhliain ó shin, ghlac siad an cinneadh coirceog beach a cheannach ionas go mbeadh siad in ann a gcuid meala féin a bheith acu amach anseo. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na beacha don timpeallacht agus agus tá lúchair ar Catherine go bhfuil sí in ann tacú leis na beacha agus an ról lárnach atá acu inár saol.

Coinníonn athair Catherine ba agus caoirigh fosta ach is taithí iomlán éagsúil é a bheith ag amharc i ndiaidh na mbeach. San fhíseán thuas, luann Catherine go bhfuil neart cúraimí i gceist agus cé go bhfuil siad ag obair leo ar feadh bliana, níl aon mhil faighte acu go fóill. Is léir go gcaithfidh an beachaire a bheith foighneach!

Luaigh Catherine go bhfuil laethanta ar nós ‘Don’t Step on a Bee Day’ tábhachtach toisc go ndíríonn siad aird ar thábhacht na mbeach don chomhshaol. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na beacha agus foghlaim cén dóigh chun cuidiú leo anseo. Idir an dá linn, ná seasaigí ar aon bheach!

Close
Close