Leabhair seolta ag an chomhlacht nua Krujen

Tá leabhair nua eisithe ag Krujen, comhlacht deartha a thugann tacaíocht agus cuidiú staidéir do dhaltaí i mbunscoileanna Gaeilge.

Chomh maith leis na leabhair dhaite, tá cluichí seolta ag Krujen a chuidíonn le páistí foghlaim agus iad ag spraoi.

Is é Fionntán Ó Mealláin, iarmhuinteoir Gaelscoile, atá taobh thiar de Krujen agus é ag súil go mbeidh a chuid táirgí in úsaid i scoileanna i gcóngar agus i gcéin.

Chuaigh Meon Eile chuig Gaelscoil na bhFál in iarthar Bhéal Feirste leis na leabhair nua a fheiceáil agus leas á bhaint astu ag daltaí agus ag múinteoirí araon.

Le níos mó eolais a fháil faoi obair Krujen, is féidir teagmháil a dhéanamh le Fionntán anseo:

 www.krujen.com            fón: 07960171369           r/phoist: [email protected]

Close
Close