Húlahúp le Tríona

Nuair a bhí Tríona Ní Bhrádaigh ag obair i Scoil na Fuiseoige cúpla bliain o shin, chaith sí am lóin ag cleachtadh an húlahúp in Ionad na Fuiseoige thart an coirnéal. Spreag seo tuismitheoirí sa cheantar le triail a bhaint as chomh maith agus i ndiaidh tamaill bhí ceachtanna húlahúp á reáchtáil aici. Le linn an paindéime, iarradh ar Thríona ceachtanna ar líne a thosú, rud a rinne sí.

Is forim aclaíochta é an húlahúp a chuidíonn leis na matáin sa bholg, sna sciatháin, sna cosa agus sa droim, agus deir Tríona go bhfuil an chraic agus an spraoi a bhaineann leis chomh tábhachtach céanna leis an aclaíocht.

Tá na físeáin uilig le fáil ar Facebook agus Youtube Ionad na Fuiseoige agus tá húlahúp ar díol san ionad ar £10. Is feidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Close
Close