Oscailt Oifigiúil Aonad Cothaithe Scoil an Droichid

Osclaíodh Aonad Cothaithe Scoil an Droichid go hoifigiúil an tseachtain seo a chuaigh thart ach ba thuras fada é a thug go dtí an pointe ceiliúrtha sin iad.

I mí Aibreáin 2016 ceadaíodh an maoiniú do Scoil an Droichid foireann a thraenáil agus áiseanna a cheannach chun Aonad Cothaithe a fhorbairt sa scoil.

I Meitheamh na bliana sin áfach, cuireadh an scoil ar an eolas nach raibh an maoiniú sin ar fáil a thuilleadh.

I ndiaidh agóide ar chéimeanna Stormont, le polaiteoirí, tuismitheoirí agus iriseoirí, agus tar éis achainní ar líne, tugadh an maoiniú ar ais.

Cuireadh fáilte roimh na chéad daltaí san aonad i mí Mheán Fómhair 2016.

Ó shin tá cúnamh, cothú agus spreagadh an aonaid i ndiaidh difear suntasach a dhéanamh do dhaltaí de chuid Scoil an Droichid.

Chuaigh Meon Eile chun bualadh le foireann na scoile ar an lá gur osclaíodh an t-aonad cothaithe, ‘Teachín’, go hoifigiúil.

Close
Close