Teorainneacha agus ceisteanna

Teorainn na hÉireann
Teorainn na hÉireann

Dónall Mac Giolla Chóill

Ar feadh fada go leor, ba bheag aird a bhí a bhí ag móramh de mhuintir na hÉireann ar an teorainn.

Ba léir go raibh agus go bhfuil a leithéid ann ach is beag tionchar a d’imir agus a imríonn sé ar shaol laethúil an ghnáthdhuine.

Murach go raibh cónaí ort fá chongair na teorann, le linn laethanta an rachmais agus le linn aois seo na síochána go háirithe, ba bheag comhartha a bhí ann go raibh an teorainn trasnaithe agat taobh amuigh de chomharthaí bóithre agus cineálacha éagsúla airgid in úsáid.

Tá glúin iomlán ina mbeatha anois nach cuimhin leo na sciobóil mhóra slándala cois teorann, na saighdúirí faoi airm agus faoi éide ag teacht isteach ar bhusanna agus ag ransáil bagáiste.

Tá na saighdúirí a bheag ná a mhór imithe as radharc na coitiantachta agus is fada an lá ó shoin a leagadh go talamh na pointí seiceála teorann.

Ach tá daoine ann a ndéanann an teorainn olc dóibh, agus gur mhaith leo a deireadh a fheiceáil, agus an tír seo againn a bheith ath-aontaithe.

Thar na blianta bhain daoine leas as an teorainn, leas eacnamúil nuair a bhí cineál amháin airgid níos láidre ná an cineál eile, nuair a bheadh earraí níos saoire nó níos flúirsí i ndlínse amháin ná mar a bhíodh sa cheann eile, nuair a bheadh deontais ar leith ar fáil do chinn ealaigh nó tread caorach i bpáirc sa tsaorstát ach bhíodh an fheirm féin ó thuaidh.

Anois mar dhuine a d’fhás aníos i gcontae cois teorann, agus a chaitheann cuid mhaith de mo shaol i ndlínse eile, mar atá Tuaisceart na hÉireann, Tuaisceart Éireann, an Tuaisceart, na Sé Chontae, Oirthear Uladh, Oirthuaisceart Uladh, Ar Wee Pravince, na Críocha Gafa, srl. srl., tá go leor taithí agam ar an teorainn, agus á trasnú, lá den tsaol ar bhonn seachtainiúil.

Nuair a bheinn ag bogadh idir dlínse, an rud is mó a d’aithin mé mar ábhar crá ar bhonn praiticiúil nó an gá le dhá phóca a úsáid le haghaidh briseadh, póca na Poblachta leis an Euro agus póca na Banríona leis na boinn sterling.

I gcónaí d’aithin mé rudaí a bheith i bhfad níos saoire sna siopaí agus réimse níos leithne ó thuaidh ná mar a bhíodh sna siopaí sa Phoblacht, na Sé Chontae ‘s Fichead, an SaorStát, Éire, an Deisceart.

Is maith is cuimhin liom an tréimhse úd idir 2006/08 nuair a bhíodh na gluaisteáin ag teacht ó thuaidh le haghaidh siopadóireacht na Nollag, agus na cásanna de trolly-rage a tuairiscíodh sna meáin in Iúr Cinn Trá nuair a tháinig na mílte aníos, in ainneoin an Aire Airgeadais ag an am Brian Lenihan ag rá go raibh mídhílseacht i gceist leis seo.

Tá go leor cainte sna laethanta seo ar chúrsaí teorann agus sláine chríocha na Ríochta Aontaithe, le Alex Salmond ag beartú neamhspléachas na hAlban, Gerry Adams ag brú ag ArdFhéis Shinn Féin pobalbhreith ar cheist na teorann, gan iomrá ar feachtas Reifrinn na nDaoine in Ard Mhacha Theas, agus chomh maith leis sin, Príomhaire na Breataine David Cameron féin ag beartú pobalbhreithe ar cheist an Aontais Eorpaigh faoi 2017.

Cá bhfios cén toradh a bheadh le ceachtar pobalbhreith, agus cén chuma a bheas ar an Ríocht Aontaithe agus ar an oileán seo i gceann deich mbliana.

Is cinnte nuair a bunaíodh an teorainn i mí na Nollag 1922, agus ansin nuair a socraíodh go mbeadh Coimisiún na Teorann ann, gur rud sealadach a bheadh sa teoraunn chéanna mar a sheas sé ag an am, réiteach sealadach ar mhórcheist atá linn go fóill.

Ach amhail go leor socruithe sealadacha, cáin ioncaim mar shampla, tá buanacht sa rud céanna.

San am a chuaigh thart, ba ghnáth le daoine a rá gur aithin tú láithreach nuair a bhí an teorainn trasnaithe agat mar gheall ar chaighdeán na mbóithre i ndiaidh duit Co. Dhoire a fhágáil agus Dún na nGall a bhaint amach.

Ansin le linn laethanta an Tíogair Cheiltigh bhí sé ráite go raibh caighdeán na mbóithre feabhsaithe an oiread sin gur deacair inse cén uair a bhí an líne shamhailteach úd trasnaithe agat.

Anois sa lá atá inniu ann, bheadh sé suimiúil dá mbeadh pobalbhreith ann ar cheist na teorann agus cúpla rogha san áireamh, an mbeadh mórán ann a chaitheadh vóta le hÉirinn a ath-aontú, taobh istigh den Ríocht Aontaithe agus taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Níl ann ach ceist.

Close
Close