Reifreann faoi Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Ríona

Bhí reifreann in Ollscoil na Ríona inné inár vótáil mic léinn maidir leis an fhéidearthacht go mbeadh oifigeach Gaeilge ar chomhairle na mac léinn sa choláiste, rud a chuirfeadh go mór le hionadaíocht na nGael óg a freastalaíonn ar an ollscoil.

Beidh torthaí an reifrinn ar fáil go luath agus, má éiríonn leis an mholadh, cuirfear an cheist os comhair an tseanaid agus déanfaidh údaráis na hollscoile plé ar an ábhar. 

Bhí baill den Chumann Gaelach amuigh go moch ar maidin ag feachtasaíocht ar son an mholta agus bhí deis ag gach aon mhac léinn vóta a chaitheamh ó 8rn go dtí 10in.

Is í Grian Ní Dhaimhín a chuir an rún os comhair chomhairle na mac léinn ag tús an fheachtais agus labhair sí linn maidir leis an ghéarghá le hOifigeach Gaeilge san ollscoil...

Close
Close