Cén cineál bliana atá romhainn in 2016?

Cad atá amach romhainn i mbliana ó thaobh cúrsaí reatha de? Cuireann ár gcolúnaí Ciarán Dunbar a ordóg ina bhéal.

An Pholaitíocht

Seo chugainn dhá thoghchán (ar a laghad) in Éirinn le linn 2016, ceann ó thuaidh agus ceann ó dheas.

Maidir leis na Sé Chontae, chan fheicim mórán athruithe ar na bacáin.

Cé go mbeidh go leor aghaidheanna nua le feiceáil ina suí ar bhinsí Stormont, is mar a gceanna a bheag nó a mhór a bheas líon na suíochán a bheas ag na páirtithe.

Tá cuma ar chúrsaí go dtoghfar an sóisialach Gerry Carroll in Iarthar Bhéal Feirste áfach.

I bhfírinne, is ar éigean go mbeidh tionchar ar bith aige ar rud ar bith ach ba mhór an siombalachas é.

Ach an dtógfaidh sé suíochán de chuid an SDLP nó de chuid Shinn Féin?

Buille trom don SDLP dá gcaillidís suíochán Alex Attwood, náire amháin a bheadh ann do Shinn Féin.

Ní dhéanfaidh an SDLP aon dul chun cinn an uair seo.

Cinnte, tá ceannaire óg nua acu mar Cholum Eastwood.

Ach más dearfach an cur chuige atá aige, ní raibh agus ní bheidh an t-am aige chun tionchar mór a imirt ar dhearcadh an phobail i leith a pháirtí.

Bheadh sé ar a leas dá dtiocfadh leis a chur in luí ar iar-leas-cheannaire an SDLP, Séamus Mallon, éirí as ráitis phoiblí a dhéanamh.

Sin tar éis dó a bheag a dhéanamh de John Hume, iar-cheannaire an pháirtí agus fear nach féidir é féin a chosaint a thuilleadh de bharr tinnis.

Tá Séamus searbh faoin stair agus an t-aitheantas nach bhfuair sé féin go pearsanta de réir cosúlachtaí.

Ar an drochuair don SDLP tá sé ag tabhairt le tuiscint gurb ionann a dhearcadh féin agus an meon atá sa pháirtí i gcoitinne.

Ach is cinnte go bhfuil an-díomá ar go leor daoine le Sinn Féin mar gheall ar chiorruithe go príomha.

Ach chomh maith leis sin maireann conspóidí ar nós dhúnmharú Paul Quinn i gcónaí agus tá sé an-deacair do Shinn Féin éalú ón scáth sin, bíodh sé cothrom nó ná bíodh.

Tá Arlene Foster anois ina ceannaire ar an DUP ach tá sé geallta aici nach mbeidh sí ag athrú rud ar bith.

Ach beidh Mike Nesbitt agus an UUP ag tabhairt a dúshláin.

Tá Nesbitt ag iarraidh tógáil ar bhuanna an UUP i dtoghchán Westminster chun vótaí a tharraingt ar ais ón DUP.

Rinneadh a bheag de Nesbitt in éis dó ceannaireacht a pháirtí a bhuachan ach níl aon duine ag gaire anois – tá a chumas léirithe aige.

Sa Phoblacht, tá gach seans ann go dtoghfar go leor neamhspleách san olltoghchán seo a chaithfidh a bheith ann ar 8 Aibreán nó níos luaithe.

Ach cad a dhéanfaidís?

Cén dóigh ar féidir leo páirt a ghlacadh sa rialtas?

Titfidh vóta Pháirtí an Lucht Oibre gan amhras ach déanfaidh siad níos fearr na mar a cheaptar anois dar liom.

Tá an geilleagar ag feabhsú – do na daoine ag an bharr cibé ar bith – agus bheadh faitíos ar na meánaicmí cur isteach air sin.

Is í an eagla an t-arm is mó atá ag Fine Gael san fheachtas agus is éifeachtach an t-arm é, mar a léirigh olltoghchán na Breataine ar an bhliain seo chuaigh thart.

Dá mbeadh orm geall a chur, déarfainn go mbeadh Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus neamhspleáigh na heite deise i gcumhacht le chéile in éis an toghcháin.

Déanfaidh Sinn Féin go maith ach ní chomh maith is a síltear agus, mar is gnáth, cuirfidh na meáin sin i láthair mar thubaiste don pháirt, “tús an deiridh,” cuir i gcás.

Ní dóigh liom go bhfuil seans ar bith ann go mbeidh ról ag Sinn Féin sa chéad rialtas eile.

Tá na meáin (seachas iriseoir amháin agus is i nGaeilge a scríobhann seisean), an státchóras féin, agus gach páirtí eile ina gcoinne.

Fiú dá mba rud é go mbainfeadh Sinn Féin méid suntasach suíochán amach, níorbh fhéidir le páirtí ar bith eile dul isteach i gcomhrialtas leo sa chomhthéacs sin.

Agus tá gráin phearsanta dhosháraithe ag polaiteoirí eile na Dála do Shinn Féin agus dá gceannaire Gerry Adams – arís dhéanfadh sé dodhéanta aon socrú.

Fuath treibheach atá ann.

Scoilt chomh domhain céanna is atá idir Sinn Féin agus aontachtaithe an Tuaiscirt.

Tá seans ann dar liomsa go rachadh Fine Gael agus Fianna Fáil isteach le chéile – cé gurbh é sin tús le deireadh Fhianna Fáil mar pháirtí ar leith.

Feachtas toghchánaíochta lofa salach bréagach a bheas ann.

Ar ndóigh, beidh ‘Comóradh’ 2016 ann sa chúlra le gach dream ag iarraidh úinéireacht a ghlacadh air, is cuma cé chomh seafóideach is a bheadh an maíomh sin.

Cúrsaí Reatha Eile

Beidh sé ina chogadh dearg idir aindiachaithe na hÉireann agus an Eaglais Chaitliceach i mbliana.

Ach fainic, fanfaidh bunús an phobail ina dtost.

Greim na heaglaise ar scoileanna an cheist – ach ar bhealach is díospóireacht bhréagach í seo.

Tá sé admhaithe cheana ag an Eaglais gur chóir dóibh scoileanna a ligin do phátrúnachtaí eile.

Ach is fusa sin a rá ná a dhéanamh.

Tá corrdhuine ag iarraidh nach gcloisfidh a gcuid paistí smid faoi chreideamh agus ní bheadh mórán daoine ag iarraidh dul ina choinne sin.

Ach má tá muid ionraic is é an rud atá i gceist ag cuid aindiachaithe ná creideamh a ruaigeadh ó scoileanna go hiomlán.

Is í an cheist, agus is sean-cheist í, ar chóir don tromlach géilleadh don mhionlach?

Cuir i gcás, má tá 10 bpaiste in oileán beag agus duine amháin acu á thógáil mar aindiachaí – cad a dhéanfaí?


Dhá scoil a bhunú?

An status quo a choinneáil go díreach?

Nó cosc a chur ar chreideamh a theagasc sa scoil?

Sin í an cheist a bheas sna leathanaigh nuachtáin – ach an mbeidh sé i mbéal an phobail i gcoitinne?

Tá mé in amhras, Caitlicigh ‘lite’ atá sa mhórchuid i gcónaí.

Ginmhilleadh an cheist mhór eile – beidh ‘díospóireacht’ challánach fheargach faoi ach, arís eile, fanfaidh an mhórchuid den phobal ina dtost.

Measaim go bhfuil an chuid is mó den daonra in Éirinn ar son cead nó ceart ginmhillte i gcásanna airithe ach nach sileann siad gur gníomh gan suntas morálta é mar a mhaíonn cuid gníomhairí atá ar son rogha.

Sin an chúis a mbeidh an rialtas agus chóir a bheith gach páirtí polaitiúil iontach cúramach faoin cheist, beag beann ar agóidí sráide.

Is ceist í a bheas linn i gcónaí agus go mór chun tosaigh in 2016.

Close
Close