2014 - Buaicphointí Bliana

Is iomaí scéal, mór agus beag, a bhain na ceannlínte amach le linn 2014. Seo na deich gcinn is suntasaí, dar le Ciarán Ó Pronntaigh

1. Albain dhaor

Cén dóigh a dtig an bua a bheith agat i reifreann neamhspleáchais ach iomlán tacaíochta a chailleadh an lá dár gcionn?

Chuir cuid mhaith againn spéis mhór sa reifreann in Albain i mí Mheán Fómhair agus a lán againn ag tabhairt tacaíocht ‘thostach’ do lucht na saoirse. Ní raibh mórán ag dúil leis go mbeadh an bua ag an fheachtas ach d’aithin muid an spiorad nua a bhí á mhúscailt sa tír.

Ansin, faoi dheireadh mhí Lúnasa, thosaigh na pobalbhreitheanna ag tabhairt le fios go raibh an dá thaobh gob ar ghob. Chuaigh scaoll i bpáirtithe Westminster agus gheall siad grian agus gealach do na hAlbanaigh, rud a chuidigh le feachtas na nAontachtaithe sa deireadh. An mhaidin dár gcionn ba shoiléir nach raibh sna geallúintí ach baothchaint.

Anois, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí thiocfadh go mbeadh an SNP ar an tríú páirtí is mó i ndiaidh an chéad olltoghchán eile, rud a d’fhágfadh go mbeadh siadsan ag socrú cé a bheidh sa chéad rialtas eile in Westminster.

2. Le dul go cróga…

Ceart go leor, níl sé chomh heachtrúil le cosa daonna ar an Ghealach ach ní beag an éacht taiscéalaí a chur ar dhromchla Chóiméad 67P agus é ag fithisiú na gréine ar luas 135,000 km san uair.

Taobh amuigh den tábhacht eolaíoch a bhaineann leis sin fuair muid pictiúir iontacha ó dhromchla an chóiméid féin.

3. Bua na nÉireannach

Sa saol spórtúil bhí rudaí ag dul go réasúnta maith leis na foirne náisiúnta.

Bhí bua iontach ag fir Martin O’Neill i gcoinne foirne amhail Giobráltar cé gur chaill siad aird ar an liathróid nuair a thug siad cuairt arAlbain.

Sháraigh lucht rugbaí an Afraic Theas i mBaile Átha Cliath, chomh maith. Ach ba iad na mná a las an lóchrann ar an ardán domhanda. Chruthaigh Katie Taylor nach aon sneachta dearg a bhí sna Cluichí Oilimpeacha nuair a thug sí craobh an domhain léi sa dornálaíocht arís.

Cic ó neamh, áfach, a chuirim ar liosta na bliana seo, cic ó Stephanie Roche do Peaumont United (seanchlub Katie Taylor, mar a tharla) a shroich gearrliosta FIFA do chúl na bliana agus atá anois sa triúr deireanach in éineacht le James Rodriguez agus Robin van Persie.

4. Ag tarraingt uisce…

Seo buille maraithe na muice, dar leis na scórtha de mhílte a bhí amuigh ag léirsiú i gcoinne na dtáillí uisce.

Cinnte le Dia, tá an stát in inmhe a chuid airgid féin a fháil ó na margaí airgid ach is beag an faoiseamh a mhothaigh an gnáthdhuine go fóill.

Agus bhí tionchar nach beag ag na léirsithe féin nó chúlaigh an Rialtas cuid mhaith cheana féin. Ach an leor é?

5. Gaeilge bhlasta

Bhí go leor den bhlas shearbh ar fhocail Gregory Campbell, ‘Curry my yoghurt can coca coalyer,’ sa Tionól i mí na Samhna, ach ba dheas an freagra a bhí ag an phobal i gcoitinne.

An rud ba dhearfaí an oiread Aontachtaithe a léirigh tuiscint agus tacaíocht don teanga mar gheall ar amaidí an Chambéalaigh, ceannaire Pháirtí na nAontachtaithe, Mike Nesbitt, san áireamh.

6. Drochbhlas

Ní raibh gach rud chomh dóchasach i saol na Gaeilge, áfach. Chealaigh Foras na Gaeilge maoiniú do roinnt eagraíochtaí Gaeilge, i mí Iúil, cuid mhaith acu ó thuaidh.

7. Dúshlán na mbuicéad oighir

Daoine ag caitheamh uisce sioctha thar a gcloigeann in ainm na carthanachta. An é seo an bhliain a bhfuair na meáin shóisialta seilbh cheart ar ár sibhialtacht?

8. Giro d’Italia

Mura dtig leat na mórdhuaiseanna a bhaint cad chuige nach ndéanann tú cinnte de go mbeidh na mórimeachtaí a reáchtáil i do thír féin? Bhí scléip agus spórt le Giro d’Italia in Éirinn i mí Bhealtaine.

9. An bhfuil tú cinnte go bhfuil seo fíor?

Seo an chatagóir ba dheacra a dhéanamh. Cat a ghnóthaigh $100 milliún (is ea, milliún!) sna scannáin, oibrithe i stáisiún ginte leictreachais in Louyang, an tSín, a d’úsáid nótaí airgid le dó seachas gual, Martina Purdy ag dul isteach i gclochar. Bhí go leor scéalta ar fud an domhain a chuir iontas orainn.

Ach an scéal a tháinig amach faoi dheireadh na bliana an ceann ba mhó a chur iontas orainn. Tá cáil ar Shinéad O’Connor as rudaí as an ghnáth a dhéanamh ar bhonn rialta ach sháraigh sí í féin arís i mí na Nollag.

D’fhógair go raibh sí le bheith ina ball de Shinn Féin… agus ag an am céanna go n-iarrfadh sé ar cheannairí uilig an pháirtí éirí as. Is dócha go bhfuil an idirbheartaíocht fós ar siúl…

10. Slán

Ní thig le héinne an bás a chur ó dhoras sa deireadh agus sa bhliain 2014 chonaic muid beirt a d’fhág a lorg ar an tír seo, Ian Paisley agus Margaret Thatcher, ag imeacht ar shlí na fírinne.

Close
Close