'Chargé d’Affaires' SAM in Éirinn agus a thuras teanga

Thug an Chargé d’Affaires ag Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn, Reece Smyth, cuairt ar Choláiste na Tríonóide an tseachtain seo caite. 

Ag labhairt os comhair an tslua a bhí i láthair, thug sé léargas ar a shaol mar thaidhleoir agus ar an turas teanga atá déanta aige agus é i mbun oibre timpeall na cruinne.

D’fhás an Chargé d’Affaires aníos in Texas agus tá tréimhsí caite aige i dtíortha éagsúla cosúil leis an Phacastáin agus an Liobáin ina ról le Seirbhís Eachtrannach na Stát Aontaithe.

Tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó 2016. 

Tá Rúisis, Seirbea-Chróitis agus Fraincis aige, agus tá an Ghaeilge á foghlaim aige anois.

Thug sé cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann mar chuid dá thuras teanga. 

Reáchtáladh an ócáid Creative Minds san Ambasáid níos luaithe i mbliana mar cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge agus ar chultúr na tíre. 

Aithníonn an Chargé d’Affaires an caidreamh uathúil atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe, chomh maith leis an léargas a thugann an teanga dhúchais dó ar oidhreacht agus ar luachanna mhuintir na tíre.

Close
Close