Mórdhuais Ghlór na nGael bronnta ar Áislann Rann na Feirste


D’éirigh le hÁislann Rann na Feirste príomhdhuais Ghlór na nGael a bhaint ar na mallaibh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael in Óstán an Ghlasáin, Co. na hIarmhí.

Chomh maith le duais na rannóige ‘Cosití Gaeltachta’ agus seic le hagaidh €4,000 a bhaint, thug Áislann Rann na Feirste leo an phríomhdhuais, Trófaí Ghlór na nGael urraithe ag Foras na Gaeilge agus seic le haghaidh €20,000 urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.

Is comhlacht pobalbhunaithe, neamhbhrabúis é Áislann Rann na Feirste Teoranta. 

Tá an cultúr, an dúchas agus an teanga lárnach in obair na hÁislainne.

Bhí béim faoi leith acu ar an fhorbairt pobail i mbliana agus a bhfochoistí timpeallachta, comhshaoil agus teanga ag baint amach spriocanna móra.

Ach tá siad ceannródach in obair óige agus teaghlaigh chomh maith.

Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, grúpaí Gaeilge agus cumainn tríú leibhéal as sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge.

Labhair Meon Eile le bainisteoir na hÁislainne, Aodh Mac Ruairí, agus le Brídanna Ní Bhaoill atá i gceannas ar Club Óige Rann na Feirste, faoin obair mhór atá á déanamh acu leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn sa cheantar...

Close
Close