Clár na Samhna ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tá Clár na Samhna fógartha ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus dialann lán acu d'imeachtaí don phobal ar fad.

Labhair Brónagh Fusco, bainisteoir imeachtaí na Cultúrlainne, linn faoi na himeachtaí éagsúla ata pleanáilte acu do na míonna amach romhainn. Is cinnte go bhfuil tionchar ag pandéim Covid-19 ar earnáil na healaíon cosúil le gach earnáil eile ach is léir go bhfuil an Chultúrlann ag dul i ngleic leis seo agus ag cur clár ar fáil gach dóigh ar féidir leo. Mar shampla, beidh ranganna ceoil agus Gaeilge ar líne chomh maith le ranganna ióga agus eile.

Más maith le daoine cuairt a thabhairt ar an fhoirgneamh, tá rialacha scartha shóisalta i bhfeidhm agus tá bialann na Cultúrlainne oscailte chomh maith le siopa ‘An Ceathrú Poilí’ agus taispeántas éalaíne.

Tá níos mó eolais ar fáil faoi Chlár na Samhna ar shuíomh idirlíon agus ar leathanach Facebook na Cultúrlainne: https://www.culturlann.ie/en

Close
Close