Tríd an Dorchadas - Charloette Mc Cauley

An tseachtain seo ar ‘Tríd an Dorchadas’ cluineann muid scéal Charloette agus a fear céile Bernard. Fuair an bheirt acu amach i 2012 go raibh rud intheacht contráilte leis an leanbh. Ní raibh sé go dtí trí mhí ina dhiadh sin nuair a fuair an bheirt acu amach nach dtiocfadh a leanbh ar an tsaol agus dá mba rud é go dtiocfadh, ní mhairfeadh sí i bhfad.

Is am crua agus brónach a bhí ann don lánúin. Bhí ar Charloette a leanbh a bhreith agus fios aici nach mbeadh sí ag teacht ’na bhaile leo. Nuair a rugadh í, dúirt Charloette go raibh sí galánta agus go sílfeá go raibh sí ina coladh.

Bhí torramh acu agus bhí an teaghlach ábalta slán mar is ceart a fhágáil le babaí Rachel. Dúirt Charloette go raibh an t-ádh orthu go raibh athrú tagtha ar an dóigh a nglacann siad le leanaí marbh-bheirthe.

Tríd an Dorchadas - Charloette Mc Cauley

Thug Charloette agus Bernard beirt moladh mór do ‘Féileacán’ as ucht na tacaíochta agus an cuidiú a thug siad daofa fríd an rud uilig. Is cearthanacht úr iad atá ag cur comhairle agus tacaíochta ar theaglaigh cosúil le Charloette agus Bernard.

Tá Charloette agus Bernard anois ag reachtáil lá mór in Ionad Naomh Phádraig i nDobhair ar an 28ú Meitheamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an saol gairid a bhí ag babaí Rachel ar an domhan seo agus chun airgead a bhailiú do ‘Féileacán’

Tá Charloette agus Bernard anois ag dúil le leanbh eile agus rudaí ag amharc go maith daofa. Cé nach ndéanfaidh siad dearmad ar Rachel choíche tá siad réidh anois don todhchaí.

funday
funday
Close
Close