Seisiún Barr a' Tí - Inni K

Inniu tá muid ar ais le heagrán úr den tsraith cheoil ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte.

Rinneadh taifeadadh ar roinnt bannaí agus ceoltóirí Gaelacha ó fud fad na tíre i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Sna seachtainí atá romhainn beidh grúpaí ar nós Dysania, Las agus IMLÉ le feiceáil.

Inniu is í an ceoltóir ildánach ó Chill Dara, Inni K, nó Eithne Ní Chatháin, atá linn.

Spreagtha ag meascán de cheol traidisiúnta, ceol domhanda agus ceol tíre, bhí an t-ádh orainn blaiseadh de cheol s’aici óna halbam ‘The King Has Two Horse's Ears’ a chloisteáil in Áras Mhic Reachtáin.


Chomh maith le físeáin ar Meon Eile achan Déardaoin mar chuid de shraith 'Seisiúin Barr a' Tí' beidh tuilleadh le cloisteáil ó na ceoltóirí ar Raidió Fáilte idir 5in agus 6in.

Beidh an clár á chur i láthair ag tuairisceoir Meon Eile, Caoimhe Ní Chathail, agus Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte.

Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte arís i mbliana. Bainigí sult as an cheol!

Is féidir éisteacht le 'Guí' le Inni K ar Soundcloud Meon Eile anseo.

Close
Close