Seisiúin Barr a’ Tí - Kíla

Inniu cuireann Meon Eile, i gcomhpháirtaíocht le Raidió Fáilte, tús le sraith úr cheoil, Seisiúin Barr a’ Tí.

Rinneadh taifead ar roinnt bannaí Gaelacha ó fud fad na tire i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Sna seachtainí atá romhainn beidh bannaí ar nós Bothán, John Spillane, Gráinne Holland, Caoimhín Mac Giolla Catháin (as Bréag) agus Éiriú le feiceáil.

Cuireann muid tús inniu le banna mór le rá as Baile Átha Cliath, seo chugaibh Kíla!

Seisiúin Barr a’ Tí
Close
Close