Seisiúin Barr a’ Tí – Bothán

Tá muid ag leanúint ar aghaidh lenár sraith nua cheoil i gcomhpháirtaíocht le Raidió Fáilte, agus sa dara heagrán den tsraith de Seisiúin Barr a’ Tí cuirimid an sárbhanna ‘Bothán’ i bhur láthair an tseachtain seo.

Is de bhunadh Dheisceart Ard Mhacha iad ‘Bothán’ agus ceol Oirialla go smior iontu uilig cé go bhfuil siad scaipthe ar fud Uladh anois. Beidh Bothán le feiceáil ar an irischlár Gaeilge de chuid BBC Thuaisceart Éireann, I Lár an Aonaigh níos móille san fhómhair. Coinnígí súil amach fána choinne sin.

Is iad baill an ghrúpa ná Gearóid Ó Deoráin (Amhránaí), Terry Conlon (Cairdín), Ruairí Cunnane (Mandocello) agus Pádraig Carragher (Giotár).

Seisiúin Barr a’ Tí – Bothán 

“Bothán – Bruach Loch Ponchartrain”:

“Bothán – Tá mo Chleamhnas Déanta”:

Close
Close