Súil Siar - Saol na scoile

Súil Siar - Saol na scoile

Inniu cuireann Meon Eile tús le sraith úr darb ainm ‘Súil Siar’.

Le sé seachtaine anuas inár sraith ‘Cuimhní Gaeltachta’ chualamar roinnt mhaith faoi ghaeltacht Thír Chonaill le go leor daoine ón cheantar seo ag cur síos ar a gcuid cuimhní Gaeltachta in Iarthar Thír Chonaill.

Bhuel anois tá sé in am cluinstin ó mhuintir na gaeltachta iad féin agus aithne níos fearr a fháil ar chuid acu. Le linn na sraithe seo nochtaíodh idir óg agus aosta a gcuid tuairimí faoi roinnt ábhar éagsúla – ag fás aníos sa ghaeltacht, cursaí oideachais, cúrsaí grá, cursaí creidimh agus go leor leor eile.

Is minic cuimhní láidre againn agus muid ag dul siar ar bhótharín na smaointe agus ó seo go ceann sé seachtaine cluinfidh muid tuairimí Mhaggie Uí Ghallchóir; Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir.

Faoi chaibidil ar fhís an lá inniu:

An Scoil: Cuid de na laethanta is fearr i do shaol? Beidh le feiceáil!

Súil Siar - Donnchadh
Close
Close