Súil Siar - Féiríní

Súil Siar - Féiríní

Is iomaí cuimhne atá againn ar na féiríní beaga a fuair muid agus muid ag fás aníos. Is rud mór a bhí sna féiríní sin, bíodh siad ina mbréagáin nó milséain, agus den cuid is mó ní bhfaighfeá a leithéid ach amháin ar amanna áirithe sa bhliain, macasamhail do bhreithlá, an Chéad Chomaoineach, an Cháisc nó an Nollag.

Cad iad na féiríní is mó a bhfuil cuimhne agaibhse orthu agus sibh ag fás aníos? An raibh cóisirí móra agaibh le haghaidh bhur gcuid breithlaethanta? Cad iad na bronntanais a fuair sibh..?

Is mór an t-athrú a tháinig ar an tsaol fríd na glúnta agus d’éirigh féiríní mar seo níos coitianta le himeacht na mblianta.

D’éirigh páistí cleachta lena leithéid a fháil agus sa lá atá inniu ann bíonn cuid mhór páistí ag súil le rud inteacht a fháil chóir a bheith achan lá sa tseachtain.

Inniu ar ‘Súil Siar’ cluineann muid ón seisear, Maggie Uí Ghallchóir; Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir, faoi na féiríní agus bronntanais a raibh siad féin cleachta leo agus iad ina bpáistí óga.

súil siar - Féiríní
Close
Close