Síoda Lingerie

Tá Síoda Lingerie lonnaithe i mBéal Feirste. Is lipéad éadaí codalta agus fo-éadaí atá ann agus iad ar fad déanta le síoda.

Bhunaigh Mary Anne Murphy Síoda Lingerie sa bhliain 2009 tar éis di pósadh an bhliain roimhe.

Bhí ionadh ar Mary faoin easpa éadaí cnis do bhrídeoga a bhí ar fáil ag an am agus chonaic sí bearna sa mhargadh.

Bíonn daoine go hiomláin faoi bhrú agus iad ag ullmhú do bhainis agus tá sé éasca dearmad a dhéanamh faoi oíche an phósta agus céard a bhéas á chaitheamh agat, dar le Mary.

Bhí suim aici i bhfuáil ó aois an-óg agus thapaigh sí a deis leis an tallann a bhí aici. Ach ní ar bhrídeoga amháin atá Síoda Lingerie dírithe, tá na héadaí cnis ar fáil d’aon bhean atá ag iarraidh rud éigin speisialta a chaitheamh.

Tá éadaí cnis Síoda Lingerie uilig déanta de shíoda agus ar bhealach go mbeidh mná compórdach agus muiníneach iontu.

Síoda Lingerie / Sarah de Búrca

Is féidir leat na héadaí cnis a cheannach in Orchid Lingerie ar bhóthar Lios na gCearrbhach nó ar líne freisin ag www.siodalingerie.co.uk

Close
Close