Bhí an fhéile nua Ghaeilge Liú Lúnasa ar siúl in Iarthar Bhéal Feirste ar an tseachtain seo caite.
Is í sprioc na féile ná an Ghaeilge a spreagadh i saol sóisialta na cathrach agus cúrsaí cultúrtha an cheantair a fhorbairt.
Bhí imeachtaí ar siúl ag lucht eagraithe Liú Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus i Muileann Mhic Con Midhe idir 24-28 Lúnasa.
Bhuail Meon Eile isteach chun labhairt leo.