Cé acu is fearr – súgradh taobh istigh nó súgradh taobh amuigh? An fearr rith sa choill nó leibhéal úr a bhaint amach ar chluiche ríomhaire? An tairbhí cluiche a imirt sa pháirc nó a bheith ar Facebook?
Sin an t-ábhar mór spairne atá idir Kirsten agus Emmet as Dún Pádraig san agallamh seo ó pheann an scríbhneora Shéamais Mhic Annaidh.
Cailín
Nach deas an lá é, a dheartháirín,
le gabháil amach ag spraoi,
Ag súgradh leis an mhadadh,
ag imirt peile, nó ag rith?
Nach dtiocfá amach sa ghairdín
Faoi theas na gréine buí
Go mbuailfimid lenár gcairde
Nó beidh siad uilig amuigh?
Buachaill
I bhfad ró-the atá sé,
A dheirfiúirín, a stór,
Le bheith amuigh sa ghairdín,
Anseo táim compordach go leor
Ag súgradh leis an ghléas seo
Ag léim, ag troid, ag rith,
Gabh thusa amach más mian leat,
Ach fanfaidh mise istigh.
Cailín
Nach tú atá go falsa,
gan fuinneamh i do chroí,
Ag stánadh ar do ríomhaire,
Nuair ba chóir duit a bheith ag spraoi.
Cad a tharla do do rothar,
Do shlat iascaigh, is bhróga peile,
Do scátaí, is bata leadóige,
Is an t-uafás rudaí eile?
Buachaill
Tá’s agat, bíonn sé fliuch de ghnách,
Is tá na bróga sin ró-bheag.
Ní thig liom gabháil ar mo rothar
Nó tá na boinn i bhfad ró-bhog.
Tá mo shlat iascaigh briste
Tá na rudaí eile caillte
Tá gach rud agam ar mo ríomhaire
Buailim cnaipe is deir sé ‘Fáilte!’
Cailín
Bheadh fáilte romhat amuigh,
Le do chairde uilig ón scoil
Tá siad bailithe uilig le chéile
Seo an áit a bhfuil muid ag gabháil
Ar dtús chuig páirc na peile,
Cois locha agus ansin sa choill
Is nuair atá muid tuirseach traochta
Tiocfaidh muid ar ais gan mhoill.
Buachaill
Ní maith liom loch nó coill,
Is bí geall nach maith liom páirc
Is fearr liom scáileán agus cluichí
Orthu sin a bhím ag amharc.
Ag troid le dragúin agus ainmhithe
Agus ansin ag rásáil cairr
Ag buaileadh ar na cnaipí,
ó, nach é sin an craic is fearr!
Cailín
Maith go leor, a dheartháirín
Tá mise ag gabháil amach
Agus tig leatsa fanacht anseo leat féin
Go huaigneach insan teach.
Ach más maith leat na hargóintí,
A bheith glic agus gasta,
Bhuel, sin mar a bhíonn ár gcluichí,
Is bíonn muidne sona sásta.
Buachaill
Tusa sona, sásta?
Ní chreidfidh mé thú a choích’,
Nuair a bhainim leibhéal úr amach
Bíonn gliondar ar mo chroí.
Nuair a mharaím-se an ollphéist
Nuair a éalaím-se ón chleas
Nuair a aimsím-se an taisce rúnda
Bíonn sé thar a bheith deas!
Cailín
Ní thuigeann tú ciall an fhocail
Ní thuigeann tú cad é an rud ‘deas’
‘S é sin a bheith amuigh ag súgradh
Ag imirt spóirt is cleas.
Slán leat, anois, a dheartháirín,
Tá an argóint s’againn thart.
Beidh mise is mo chairde,
Ag gabháil ó neart go neart!
Buachaill
Ná himigh leat go fóill, a stór,
Níl deireadh ráite agam fós
Is breá liom cluichí ríomhaire
Is ní chreidim gur drochnós iad
Ach is breá liom caint is comhluadar,
Argóintí, troid is spóirt,
A bheith ag iomaíocht le mo dheirfiúr
Agus coimhlintí den tseort.
Cailín
Dá mbeadh lámhán eile agat,
Chuirfinn suas le bheith istigh
Fhad is go mbeadh muid beirt le chéile,
Ag súgradh is ag spraoi.
Rugann sí gréim ar an lámhán agus éiríonn léi é a bhaint de.
Lig domh seal go bhfeice mé,
Leibhéal a haon, a dó is a trí
Nach bhfuil mise lán chomh maith leat
O a Dhia, mo chroí!
Ach tagann deireadh tobann lena cluiche agus caitheann sí uaithi an lámhán
Buachaill
Ach níl aon lámhán eile agam
Tá sé anois ina cheithre phíosa
Agus níl airgead ar bith agam
Nó sin airgead póca míosa!
Cailín
Mo leithscéal leat, a dheartháirín
Ba chóir domh a bheith níos cúraimí
Ní raibh mé ach ag iarraidh leat a bheith
Ag súgradh leat agus ag amaidí.
Buachaill
Níl rud ar bith anois le déanamh agam
Ach a bheith ag súgradh leat amuigh
Má thugann tú luach an ghléis dom
Rachaidh mé leat ag spraoi!
Cailín
Rachaimis amach le chéile
Ag súgradh, spórt agus spraoi,
mar a rinne muid gach uile lá,
mar riamh i gcónaí bhí.
*Buachaill *
Ag léim, ag rith, ag súgradh
‘Sé bhí muid sona sásta,
Sin, an dóigh a mbíodh muid riamh,
Agus sin mar a bheas muid feasta!