Idir Mise agus Tusa - Iomaíocht na hIomána

Idir Mise agus Tusa - Iomaíocht na hIomána

Cé acu is fearr, cluichí ríomhaire ar féidir iad a imirt in am ar bith nó a bheith amuigh faoin spéir ag imirt camógaíochta? Sin an cheist atá á plé ag Lucy as Fear Manach agus ag Alyssa as Tír Chonaill in agallamh beirte na seachtaine seo, scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair.

Idir Mise agus Tusa

Cailín 1

Cad é an caitheamh aimsire atá agatsa?

An imríonn tú spórt ar bith?

An bhfuil suim agat i gcispheil,

I rothaíocht nó i rith?

Is breá liomsa camógaíocht

Tá sí níos fearr ná cluiche peile.

Bím ag smaointeamh fúithi go síoraí

Níl suim agam in aon rud eile.

Cailín 2

Níl suim ar bith agamsa i gcamógaíocht

Is maith liomsa cluichí ríomhaire.

Tá siad níos suimiúla, níos fíochmhaire,

Níos tréine agus níos bríomhaire.

Tá aird agam ar minecraft -

Is ann atá mo chroí.

An bhfuil suim ar bith agatsa ann?

Ar mhaith leat tabhairt faoi?

Cailín 1

B’fhearr liomsa bheith amuigh faoin spéir

Ná bheith sáinnithe taobh istigh.

Is aoibhinn liom saoirse na páirce,

Is breá liom a bheith ag rith.

Is maith liomsa an chuideachta,

An cairdeas agus an chraic.

Is breá liom iomaíocht na gcluichí,

An ragairne is an raic.

Cailín 2

Chruthaigh mise mo dhomhan féin

Le blocanna den uile dhath.

Thig liom fáilte a chur roimh chairde,

Thig liom daoine a chaitheamh amach.

Mise a bhíonn i gceannas,

Mise an t-uachtarán.

Ní tharlaíonn a dhath i nganfhios dom-

Is liomsa an tír iomlán.

Cailín 1

Bímse i gceannas fosta

Agus mé i mo bhall d’fhoireann.

Bíonn gach cailín i mbun a háite féin

Gach duine san áit a oireann.

Cailín 2

Chuir mise an ruaig ar ollpheist

An tseachtain s’chuaigh thart.

Tháinig ollpheist eile sa tóir orm

Mar dhíoltas ar mo bheart.

D’ionsaigh sé le claíomh mé,

D’ionsaigh sé mé le tua,

D’ionsaigh sé go gaisciúil mé

Le neart agus le dua.

Cailín 1

Chuir mise an ruaig ar chailín

As Contae Aontroma inné.

Bhí sí ag rith i mo dhiaidh go gasta

Dh’óbair gur mharaigh sí mé.

Ach thiontaigh mé thart go sciobtha

Is chuir mé uileann ina cliabh.

Ní fhaca tú girseach ag titim

Chomh gasta léi a riamh.

Bain thusa triail as camógaíocht

Agus amharc ar a bhfuil i gceist.

Beidh tú ar mhalairt tuairime

Nuair a thuigeann tú an teist.

Cailín 2

Goitse is amharc ar mo chluichíse

Is ar an domhan a chruthaigh mé.

Beidh fearadh na fáilte romhat -

Ní chuirfidh mé tú ar strae.

Cailín 1

Cad é faoi chamógaíocht ar líne?

An mbeadh suim agat sin a thriail?

Ní bheadh sé leath chomh maith leis an chluiche féin-

Ach cá bhfios mar a bheas an scéal

Cailín 2

Thig linn sin a dhéanamh.

Beidh sé gasta, grinn is greannmhar

Beidh sé éagsúil don bheirt againn

Ach bhearfaimis faoi go fonnmhar.

Close
Close