Ceird na seacláideoireachta ag dul ó ghlúin go glúin
Thosaigh Maitiú agus Karola Ó Conaill ag déanamh seacláide i 1978 i gCarraig Uí Leighin, Co. Chorcaí.
I 2011, thosaigh iníon s'acu, Aoife, ag díol cuid den tseacláid sin i _Margadh Naomh Seoirse_ i mBéal Feirste chun airgead sa bhreis a shaothrú agus í ag staidéar dlí ar an ollscoil.
Ó shin, shocraigh Aoife agus a fear céile, Dominic, leanúint le ceird na seacláideoireachta go lánaimseartha, agus tá siad anois ag déanamh seacláide de lámh ina monarcha i mBéal Feirste.
Chaith *Meon Eile* seal le hAoife chun níos mó a fháil amach faoin ghnó, agus ar ndóigh, chun cuid den tseacláid a bhlaiseadh!