Glórtha Uladh - Pádraigín Ní Uallacháin

Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.

Bhéarfaidh na ceoltóirí ar leith seo léargas ar a gceantar dúchais dúinn agus foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.

An tseachtain seo tá muid ar Shliabh gCuillín ag amharc anuas ar limistéir Oirialla agus muid i mbun comhrá leis an bhailitheoir agus amhránaí sean-nóis Pádraigín Ní Uallacháin.

Tá ocht n-albam de cheol traidisiúnta eisithe aici agus camchuirteanna mar cheoltóir agus mar léachtóir déanta aici.

Scríobh Padraigín an leabhar 'A Hidden Ulster - People, songs and traditions of Oriel'.

San eagrán seo tá Pádraigín ag déanamh cur síos ar na hamhráin ‘Is Fada an Lá’ agus 'Cailín as Contae Lú' agus ar oidhreacht shaibhir cheantar Oirialla.



Cailín as Contae Lú

Bhí mé lá breá aerach ag dul bóthar a’ Mhaighre,

Is chas domh spéirbhean is í ag baint craoibh’,

Is d’fhiafraíos féin di in eaglais Dé,

An bposfadh sí gréasaí as Contae ’n Dúin?

Dúirt an spéirbhean go raibh mé a’ pléidheáil,

Is nár in mo leithéidse a chuir sí dúil,

Is dúirt sí ’na dhéidh sin nár chleacht sé léi,

Gur mhíle b’fhéarr léi bheith i gContae Lú.

A chailín tuatach de threibh na mbrúidéal,

Nach dtaithníonn súgradh leat is nach n‑aithníonn greann,

Bíonn na doirse dúnta acu ar aghaidh aon siúiléara

Nuair a bhíonns fáilte sa Dún do gach uile dhream.

Nach mbíonn úlla cumhra againn is mil is plúr ann

Nuair a bhíonns mur gcrusta láidir teann,

Nach mbíonn sibh tuatach is mur ndoirse dúnta

Nuair a bhíonns fáilte sa ghleann ’na bhfuil mise ann.

Cha raibh mise ach ’súgradh is chan olc liom diúltú,

Is a liacht sin cúilfhionn deas thíos sa ghleann,

Nuair a bheas na doirse dúnta ar dhroim an diúltaithe,

Beidh fáilte dhúbalta síos fán Ghleann.

Bhí mé lá breá aerach ag dul bóthar a’ Mhaighre,

Is chas domh spéirbhean is í ag baint craoibh’,

Is d’fhiafraíos féin di in eaglais Dé,

An bposfadh sí gréasaí as Contae ’n Dúin?

 A Hidden Ulster – people, songs and traditions of Oriel (2003)  - Pádraigín Ní Uallacháin. Lch. 119



Is Fada an Lá

Nach fada an lá ó mhaidin go dtí an oíche

Mé a sníomh mo roithneáil aige doras na gaoithe;

Féachaint a’ bhfeicfinn a’ teacht thú, a chúl trom dílis,

A’ gabháilt a’ bhealaigh nó a’ teanamh scíste.

A rún is a théagar, nach fada ’muigh thú

Shíl mé fhéin gurb í an fharraige a shlog thú;

Óch, chan í, ach bean eile thiob thú

Ó tá mé cloíte i ndéidh ar ghoil mé.

Cúradh ar ghrá nach mairg a mbíonn sé air

Is geal ó thús é is dubh aríst é

Is iomaí cailín beag óg a chloígh sé

A ceann ar a glúin is a súile a’ síorghol.

Cúradh ar ghrá nach mairg a thug é

A’n fhear martha ariamh ’ár oil é;

A’ croí mo lár ó d’fhág sé dubh é

Nuair nach bhfeicinn ar an tráid é nó a’n áit inniu é.

A rún is a théagar ná tréig do leanbh

Ná pós bean ghránna mar gheall ar eallach;

Is beag an áit údaí a bhfaighfí bearach

Ó tá muinn óg agus téanfa’ muinn soláthar

Nachar thrua leat cailín beag ar mhala sléibhe

Is í a’ cealgadh a linbh is iad a gol le chéile;

Ar bheagán bí is ar ghannchuid éadaigh

Nach trua an chinniúin a gheall Mac Dé di.

A Hidden  Ulster – people, songs and traditions of Oriel. (2003) Pádraigín Ní Uallacháin. Lch.93


Close
Close