Glórtha Uladh - Doimnic Mac Giolla Bhríde

Tá muid ar ais lenár sraith nua, Glórtha Uladh

Le ceithre seachtaine anuas tá muid ag cur aithne ar chuid de na hamhránaithe is fearr de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.

An tseachtain seo tá muid i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall agus muid i gcuideachta an amhránaí agus an cheoltóra iomráitigh, Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Cosúil le go leor de na hamhránaithe a bhí againn go dtí seo sa tsraith, tá Doimnic ag gabhail don cheol traidisiúnta agus i mbun amhránaíochta ó bhí sé ina ghasúr óg. 

Spreag a mháthair, Nellie Nic Giolla Bhríde, Doimnic i dtreo an cheoil an chéad lá ariamh agus níor stad sé ó shin.

Tá oidhreacht agus cultúr Gaelach thar a bheith saibhir i nGaoth Dobhair, rud a ndéanann Dominic cur síos air agus é ag caint faoi na daoine a chuaigh go mór i bhfeidhm air agus é ag fás aníos sa cheantar.

Bhain Doimnic Corn Uí Riada in 2009, an comórtas is mó dá bhfuil ann i dtaobh an tsean-nóis de.

Is ceoltóir cumasach ildánach é Doimnic, tá sé ina stiúrthóir ar Chór Thaobh a’ Leithid i nGaoth Dobhair, Cór Loch Lao i mBéal Feirste agus Cór áta bunaithe i gCaisleán Uidhilín. 

Tá cúig dhlúthdhiosca foilsithe aige go dtí seo, 'Saol na Suáilce', 'Siansaí', 'Guaillimh a’ Chéile', 'Smúidghealach' agus 'Sona do Cheird'.

Más maith tuilleadh eolais faoi Dhoimnic… cliceáil ANSEO

Pádraig Mac Ruairí


A phádraig ‘ig Ruairí a chorp an duine uasal,

go mairidh tú go buan in do shláinte;

gur i dToraigh ó thuaidh ;tá dea-mhac a’tsuaircis

a mbíonn loingeas go buan aige ’s bádaí

Ní fá chladaigh go suarachba mhian leis a bheith ‘gluaiseacht,

ach ag tarraingt go cuabtaí na Spáinne;

tá an cabhlach sa ruaig air, is an lámhach anuas leo,

’s ní bheirfear i gcruatar ar Phádraig


Tá Padaí agus Éamonn Ó Dubhagáin na féile

ag imeacht araon ‘un na Fraince,

Tá an slúp leofa gléastaí faoina chuid éadaigh

ag tarraingt fá fhíon agus brandaí.

Cé’r’ionadh linn Pádraig le hearradh na Spáinne

theacht chugainn thar sáile go cinnte,

’s go bhfuil a chliamhain ag tráchtáil ag siúl fríd na náisiúin,

ag déaláil le Spainnigh ’s le Francaigh.


Níl aon áit i Roinn Eorpa a mbí fairsngeacht is fónamh

nach mbíonn againn i gcónaí in am angair;

is coinnigh Rí an Domhnaigh ar scoith na bhfear cróga

le linn gaoithe móire nó dainséir.

Tá coirce agus eorna comh fairsing le mónaidh

aniar ó Ghaoth Dobhair go dtí an ghleann seo;

bhéarfaidh Pádraig go leor as Contae Mhaigh Eo

’s ní bheidh orainn brón ins a’tsamhraidh.


Ar Pilleadh as géibhinn di is ródheas an péarla,

dealramh ón ghréin uirthi timpeall;

nárbh aoibhinn an áit a bheith ag muileann na sclátaí,

is ólfaidh muid ar sáith ann go cinnte.

Tá fáilte ag na ceadtaí ‘un a’ cábáin ar féasta,

’s í sínte ag an chéidh maidin shamraidh;

tiocfaidh chugainn ‘un a’ bhadúin siúrca agus cláraí

lasta rum ládir agus brandaí

Dónall Ó Maoláine


Idir Caiseal agus Úrchaill a tharlaigh orm an chúlfhionn

is I go ró-mh´ïnte gbhail tharaim insa ród;

rug mé greim cúl uirthi agus leag mé ar an driúcht í

agus d’fhág mé a croí brúite aici is í ag sileadh a ndeor.


Bliain ón lá sin a tharlaigh orm an stáidbhean

Is í go ró-mhúinte gabhail thairim insa ród;

rug sí greim lámh’ orm agus chuir sí romham fáilte:

Is caidé mar ‘tá do shláinte a ógnaigh óig?


Seo litir ó m’áthair agus beannacht ó mo mháthair

’s bí ag teacht chun na háite seo feasta níos mó;

gheobhaidh túna táinte agus óir buí ina mhamaí

ach mise a bheidh ar lámh leat an fhad is a bheas mé beo.’


Orú imigh agus déan sin, dheamhan a miste liom féin é,

ní folamh atá Éire, tá tír eile le fáil.

Is feasach domh céile nach nglacfadh pingin spré liom

ach ghlacfadh mé i mo léine - cé nach folamh atáim.’


Ar an bhaile seo tá an chúilfhinn, is í an mhaighre dheas mhúinte í,

is í an bhruinneall is suáilc ’s dtáinig ó mhnáibh,

is i mo shearc í, is ´^mo rún í, is í m’ansacht go buan í,

is í an samhradh san fhuacht í idir Nollaig is Cáisc.

Close
Close