G Tuít - An chéad 'Tweet Up' Gaeilge

G Tuít - An chéad 'Tweet Up' Gaeilge / Sarah de Búrca

Bhailigh go leor giolcairí le chéile don chéad ‘Tweet Up’ riamh as Gaeilge sa Culture Box i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, le déanaí.

D’eagraigh Gaelport an ócáid nuálach seo agus d’éirigh go han-mhaith leis an oíche.

Ag an ‘G-Tuít’ phléigh siad siúd a bhí i láthair na forbairtí is nua sna meáin dhigiteacha agus fuair lucht leanúna Twitter deis castáil le chéile agus caint le giolcairí eile lena mbíonn siad i dteagmháil go minic ar líne.

Bhí Sarah de Búrca i láthair chun fáil amach céard go díreach atá i gceist le ‘Tweet Up’.

Close
Close