Insint Eile - Fionn agus an Fathach as Tír na Sorcha

Bailitheoir – Róise Ní Ghallchobhair

Faisnéiseoir – Éamonn Ó Gallchobhair, Rann na Feirste

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428381/4402140/4512653

Bhí fathach ina chónaí thall i dTír na Sorcha fada ó shin agus tháinig sé anall go hÉirinn. Is é an rud a thug anall é, bhí sé ag éisteacht le scéaltaí éagsúla fá fhear a bhí in Éirinn arbh ainm dó Fionn. Bhí na daoine ag rá go raibh Fionn ina throdaí thar barr agus nach dtiocfadh le fear ar bith lámh an uachtair a fháil air. Bhí an fathach seo iontach maith ag troid fosta agus duine ar bith a raibh sé ag troid leis, fuair sé an bhuaidh air. Chuir an fathach scéala chuig Fionn ag inse dó go raibh sé ag teacht agus nuair a fuair Fionn an scéala d’inis sé dona mhnaoi caidé an trioblóid a raibh sé ann. Smaointigh sise sa bhomaite ar chleas. Bhí cliabhán mór sa teach agus an lá a raibh an fathach le theacht, chuir sí Fionn sa chliabhán.

Nuair a tháinig an fathach chun tí chuir sé ceist ar bhean Fhinn cá raibh Fionn agus dúirt sise go raibh sé amuigh ag seilg. Chuaigh an fathach suas go dtí an cliabhán go bhfeicfeadh sé an leanbh a bhí ann ach nuair a fuair sé greim láimhe ar an leanbh, chuir an leanbh ordóg an fhathaigh isteach ina bhéal agus chogain sé í.

“Dar fia,” arsa an fathach, “má tá na fir in Éirinn chomh námhadach (naimhdeach) leis na linbh, tá siad iontach olc!”

Ansin d’iarr sé ar bhean an tí bia a dhéanamh réidh dó agus go mbeadh seisean isteach ar ais fána choinne. Nuair a d’imigh seisean amach chuir bean an tí nimh agus iarann isteach san arán agus nuair a d’ith an fathach seo, thug sé a bhás.

Close
Close