DSNT / Guerilla Shout - Comharghnó ealaíonta le cur chuige comhaimseartha

DSNT / Guerilla Shout - Comharghnó ealaíonta le cur chuige comhaimseartha

Inniu ar Meon Eile cuireann muid críoch leis an tsraith bunaithe ar ghnónna le Gaeilge le físeán faoi DSNT agus Guerilla Shout, comhlachtaí a dhéanann dearadh grafach agus ealaín dhigiteach.

Tá na healaíona digiteacha anois mar chuid lárnach den saol, iad le feiceáil i ngach áit idir fhéilte, ócáidí corparáideacha, fhógraí agus go háirithe ar líne.

Is i lár na hearnála seo atá DSNT agus Guerilla Shout sáite, iad ag baint úsáide as teilgeoirí digiteacha chun píosaí d’ealaín suiteála a chruthú, agus iad bainteach go mór le bainistiú lipéad ceoil agus cóisireacha a eagrú, mar aon le cúrsaí scannán, amharclanna agus físe.

Chas Meon Eile le hOisín Ó Briain, duine de stiúrthóirí an dá chomhlachta, leis na gnónna agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a phlé.

DSNT / Guerilla Shout - comharghnó ealaiónta le cur chuige chomhaimseartha

Mar atá le feiceáil ón saothar atá cruthaithe acu go dtí seo, tá obair cheannródaíoch idir lámha ag an dá chomhlacht seo agus neart pleananna uaillmhianancha leagtha amach acu don todhchaí.

Bhí baint mhór acu leis an fhéile AVA a tharla i gCeathrú an Titanic ar an Satharn seo caite, ócáid ar fhreastail thart ar 2,000 duine air agus ina raibh an chéad léiriú de chuid an Boiler Room ar an oileán seo.

Close
Close