Cumann Naomh Uinseann de Pól - Ag tacú leis an phobal

Tá Cumann Naomh Uinseann de Pól ag tacú le muintir na tíre le 160 bliain anuas.

Thosaigh an charthanacht seo tar eis an Ghórta Mhóir agus atá siad ag cuidiú le daoine i gcruachas ó shin. Sa lá atá inniu ann tá siopaí de chuid Naomh Uinseann de Pól scaipthe ar fud na tíre.

Tá na siopaí seo iontach tábhachtach chun airgead a bhailiú don chumann agus téann an t-airgead sin chun sochair don chumann sa cheantar sin.

Tá deich siopa acu i gcontae Dhún na nGall. Thug Meon Eile cuairt ar dhá cheann de na siopaí seo le fáil amach caidé mar atá ag eirí leo, go háirithe anois le cúrsaí eacanamaíochta mar atá.

Labhair muid le Rosa Glackin, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól don iarthuaisceart, sa siopa úr i Leitir Ceanainn agus ansin le Marian Nic Pháidín atá ag obair sa siopa sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair.

Tá an cumann seo a dhíobháil níos mó na ariamh sa lá atá inniu ann. Cuidíonn Cumann Naomh Uinseann de Pól ní amháin le bia agus teas a chur ar fáil do dhaoine ach le hoideachas fosta ón bhunscoill fríd go dtí oideachas tríú leibhéal.

Tá tithe agus brúanna óige fud fad na tíre acu chomh maith do dhaoine atá gan dídean. Tá Naomh Uinseann de Pól ansin le cuidiú le hachan duine agus tacú le daoine in aon bhealach agus is féidir leo.

Beidh díolachán mór sa siopa i nGaoth Dobhair an tseachtain seo agus achan rud seachas an troscán ar díol ar €1.

Cumann Naomh Unsinn de Pól
Close
Close