Cúinne Comhrá ag Féile na Gealaí 2018 - JJ Ó Dochartaigh

Tá muid ar ais an tseachtain seo le heagrán eile de 'Cúinne Comhrá' ó Fhéile na Gealaí 2018.

Sa tsraith seo beidh ar bhfísirieoirí Seán agus Caoimhe ag caint le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír agus níos faide i gcéin.

An tseachtain seo tá Caoimhe i gcuideachta JJ Ó Dochartaigh, ceoltóir aitheanta as Cathair Dhoire.

Tá cáil ar JJ as a chuid amhrán gealgháireach spreagúil amhail 'Acht Teanga Anois' agus 'Ná hAbair É Déan É'.

Tá togra úr ceoil leictreonaigh ar bun ag JJ agus 'Vigilanti' baiste aige air féin don chaibidil nua seo.

Iontas a bhí ann do shlua Fhéile na Gealaí go raibh a leithéid de cheol cumtha aige agus ba léir gur bhain siad an-sult as.

Tá JJ anois ag obair go crua sa stiúideo le cuid den cheol sin a thaifeadadh agus a eisiúint i mbliana. 

Close
Close