Cuimhní Gaeltachta - Máire Burns

Cuimhní Gaeltachta - Máire Burns

Inniu cuireann Meon Eile tús le sraith úr darb ainm ‘Cuimhní Gaeltachta’.

Tá na céadta scoláire ar a mbealach go Colaiste Mhuire Loch an Iúir agus go Colaiste Bhríde Rann na Feirste an deireadh seachtaine seo, agus cuid mhór acu ag teacht chun na Gaeltachta don chéad uair riamh. Cad é a shílfidh siad den cheantar? Cad é faoi mhná na dtithe agus an bia a bheas ar fáil? An mbeidh grá dílis acu don Ghaeilge agus iad ag dul abhaile arís i ndiaidh an chúrsa?

Is eispéireas é an cúrsa samhraidh Gaeltachta a bhfuil taithí ag an mhórchuid againn air. Bíonn taithí éagsúil ag gach duine ach is minic cuimhní láidre ag daoine ar na turais speisialta seo a rinne siad le linn a n-óige. Beidh muid ag dul siar ar na Cuimhní Gaeltachta seo le linn na sraithe.

An chéad duine sa tsraith ná Máire Burns, bean a bhfuil cónaí uirthi i nDún Pádraig, Co. an Dúin, agus atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge ó chuaigh sí chun na Gaeltachta agus í óg. Chaith Máire a cuid samhraí i nGaeltacht Thír Chonaill ag freastal ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste. Insíonn Máire dúinn faoin dóigh ar thit sí i ngrá leis an áit don chéad uair riamh, faoi na cuimhní is mó atá aici faoin am a chaith sí ann agus faoin dúil mhór aici sa cheantar agus sa teanga go fóill tar éis na mblianta.

Cuimhní Gaeltachta le Máire Burns
Close
Close