Cuimhní Gaeltachta - Gráinne Ní Ghilín

Cuimhní Gaeltachta - Gráinne Ní Ghilín

Inniu ar Cuimhní Gaeltachta tá an scríbhneoir agus blagadóir Gráinne Ní Ghilín ag labhairt linn. D’fhreastal Gráinne ar Choláiste Mhuire Loch an Iúir agus d’imigh sí ann chóir a bheith achan bhliain a bhí sí ar an mheanscoil.

Labhraíonn Gráinne faoin chúis a raibh sise agus a cuid cairde ar bís agus iad ag dul ar an bhus go Loch an Iúir don chéad uair. Chomh maith leis sin cluineann muid faoin bhéile breá a bhí ag fanacht orthu i ndiaidh an turais fhada sin.

Níl aon dabht gurb iad na laethanta sin a chaith Gráinne i Loch an Iúir an rud a spreag í chun an Ghaeilge agus an fáth a bhfuil sí go dílís di go fóill. Rinne sí cairde i Loch an Iúir atá aici go fóill agus gan ach dea-cuimhní aici agus í ag amharc siar ar na laethanta a chaith sí ann.

Cuireann Gráinne béim mhór ar an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht ionas na dtráfaidh tobar na teanga.

Cuimhní Gaeltachta le Gráinne Ní Ghilín
Close
Close